An difríocht idir athruithe ar: "The Star-Spangled Banner"

no edit summary
}}
 
Is é '''The Star-Spangled Banner''' ({{lang-ga|An Bhratach Ghealréaltach}}) [[amhrán náisiúnta]] na [[SAM|Stát Aontaithe]]. B'é an file amaitéarach [[Francis Scott Key]] a chum an téacs sa bhliain [[1814]]. Dhá bhliain roimhe sin, bhí na Stáit Aontaithe agus [[Sasana]] ag cur cogaidh ar a chéile, agus le linn an chogaidh seo, chonaic Key an cath a cuireadh faoi [[Baltimore, Maryland|Baltimore]] i [[Maryland]] le linn an chogaidh seo. Chuaigh na longa cogaidh Sasanacha i dtír i m[[Bá Chesapeake]], ach d'éirigh leis na saighdiúirí a bhí ar garastún i bh[[Fort McHenry]], dúnfort in aice le Baltimore, stop a chur le hionsaí na Sasanach. Ní raibh i gceist leis an amhrán ar dtús ach dán a chum Key leis an eachtra seo a chur i míotar, agus is é an teideal a chuir sé air ná ''The Defense of Fort McHenry''.
 
Maidir leis an bhfonn, ní raibh ann ach amhrán ólacháin ó Shasana ar dtús, ''To Anacreon in Heaven'', agus b'é an ceolchumadóir Sasanach [[John Stafford Smith]] a chum é. Bhí na Meiriceánaigh an-doirte don fhonn, agus is iomaí cineál líricí a chuir siad leis.
Úsáideoir gan ainm