An difríocht idir athruithe ar: "Edgar Allan Poe"
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: gv:Edgar Allan Poe |
No edit summary |
||
Líne 13:
| síniú = Edgar Allan Poe Signature.svg
}}
Duine de scríbhneoirí móra Béarla na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stát Aontaithe]] is ea é '''Edgar Allan Poe''', a tháinig chun saoil ar an [[19 Eanáir]] [[1809]] i m[[Bostún]] agus a fuair bás ar an [[7 Deireadh Fómhair]] [[1849]] i m[[Baltimore, Maryland|Baltimore]]. Bhí sé ina [[filíocht|fhile]], ina ghearrscéalaí, ina léirmheastóir litríochta agus ina eagarthóir. Áirítear ar fhir mhóra an Rómánsachais é i stair na litríochta Meiriceánaí. Is iad na scéalta uafáis is mó a thabhaigh a chlú dó, is dócha, ach thairis sin, bhain sé triail as na scéalta bleachtaireachta, agus is féidir a rá gur duine de cheannródaithe an fhicsin eolaíochta a bhí ann chomh maith. Chuaigh sé leis an scríbhneoireacht mar shlí bheatha roimh aon duine eile féin i stair na litríochta Meiriceánaí, ach dá dheasca sin, bhí saol an-deacair aige.
Is é an t-ainm baiste a fuair sé ná Edgar Poe. Cailleadh a thuismitheoirí nuair a bhí sé óg, agus ba iad John agus Frances Allan a ghlac leis mar mhac altrama ina dhiaidh sin, cé nár uchtaigh siad go foirmeálta riamh é. Bhí cónaí orthu i [[Richmond]], [[Virginia]]. Uathu siúd a fuair Poe an t-ainm Allan. D'fhág Poe slán ag muintir Allan tar éis dó seal a chaitheamh in Ollscoil Virginia agus seal eile sna saighdiúirí. Is é an chéad leabhar a tháinig i gcló ó pheann Phoe ná ''Tamerlane and Other Poems'' sa bhliain [[1827]], faoin ainm cleite ''A Bostonian''.
|