An difríocht idir athruithe ar: "Na hAlcólaigh gan Ainm"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is éard atá i gceist leis na h'''Alcólaigh gan Ainm''' nó ''Alcoholics Anonymous'' ná gluaiseacht idirnáisiúnta féinchabhrach do na druncaeirí atá dírithe ar an...'
 
No edit summary
Líne 3:
Ar dtús, ní raibh ach Protastúnaigh páirteach sa ghluaiseacht, nó ní dheachaigh an chéad Chaitliceach san AA roimh an mbliain 1939. Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh na hAA ar fud an domhain, agus glacadh leis an mbunsmaoineamh ina lán tíortha agus cultúr eile, fiú go tíortha ina bhfuil na húdaráis drochamhrasach i leith eagraíochtaí a bhunaíonn na saoránaigh as a stuaim féin.
 
Is é dearcadh na gluaiseachta ná nach bhfuil sí ag iarraidh aon tuiscint ar leith ar an andúil alcóil a chur chun cinn thar theoiricí eile: is é tasc na ndochtúirí agus na síciatraithe é, agus níl sé faoi eagraíocht gluaiseachta féinchabhrach cosúil leis na hAA. Mar sin féin, glactar leis gurbh iad na hAlcólaigh gan Ainm a theagasc don tsaol mhór gur galar é an t-alcólachas - cé go raibh Bill W., mar shampla,fein in aghaidh na tuisceana seo. Is é dearcadh Cumann Síciatraithe na Stát Aontaithe, mar shampla, gur chóir don druncaeir dul faoi chóir leighis san am chéanna agus atá sé ag freastal ar ghrúpa féinchabhrach de chuid na nAlcólach gan Ainm, go háirithe más alcólachas ainsealach faidréiseach atá i gceist. Admhaíonn na hAlcólaigh gan Ainm féin go n-éiríonn 64 % de bhaill na ngrúpaí féinchabhrach as i rith an chéad bhliain, ach mar sin féin, glactar leis go bhfuil a lán daoine in ann staonadh ón alcól agus iad i dtuilleamaí chlár oibre na nAlcólach gan Ainm.