An difríocht idir athruithe ar: "Na hAlcólaigh gan Ainm"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 28:
 
* Má éiríonn leat múscailt spioradálta a fháil ar an dóigh seo, caithfidh tú an teachtaireacht a scaipeadh i measc na n-alcolach agus na prionsabail seo a chleachtadh ina bhfuil idir lámhaibh agat.
 
==Dhá Thraidisiún Déag na nAlcólach gan Ainm==
 
* Tá leas na nAlcólach gan Ainm níos tábhachtaí ná a dhath eile, nó ní féidir le haon duine aonair é féin a tharrtháil má tá an eagraíocht á réabadh as a chéile.
 
* A fhad agus atá an grúpa i gceist, níl d'údarás ach Dia. Rí an Ghrá. Is féidir Leis É féin a chur in iúl trí chomhchoinsias an ghrúpa. Níl inár gcuid ceannairí féin ach searbhóntaí iontaofa - ní stiúrthóirí iad.
 
* Le bheith i do bhall de na hAlcólaigh gan Ainm, caithfidh tú a bheith dírithe ar éirí as an druncaeireacht - ní éileofar a dhath ar bith eile ort.
 
* Caithfidh gach grúpa a bheith neamhspleách i gcúrsaí nach mbaineann do ghrúpaí eile nó do na hAlcólaigh gan Ainm ina n-iomláine.
 
* Níl ag aon ghrúpa ach aon chuspóir amháin - teachtaireacht na gluaiseachta a thabhairt a fhad leis na halcólaigh nach bhfuair biseach go fóill.
 
* Níor chóir d'aon ghrúpa ainm na nAlcólach gan Ainm a thabhairt ar cíos ná ar iasacht d'aon ghnó ná d'aon chúis taobh amuigh de na hAA, ar eagla go gcuirfeadh fadhbanna airgid, maoine saolta nó clú isteach ar phríomhchuspóir na heagraíochta.
 
* Ba chóir do gach grúpa de chuid na nAlcólach gan Ainm a bheith in ann riar ar a chuid riachtanas féin, agus níor chóir don ghrúpa glacadh le síntiúis ón taobh amuigh.
 
* Caithfidh an grúpa féin bheith neamhphroifisiúnta. Is féidir leis an ngrúpa speisialtóirí a fhostú.
 
* Níor chóir don ghrúpa cuma na heagraíochta a chur air féin, ach is féidir coistí agus boird ar leith a chur ar bun a ghlacann freagracht dhíreach astu siúd a bhfreastalaíonn siad orthu.
 
* Níl tuairim ná dearcadh ar leith ag na hAlcólaigh gan Ainm mar ghluaiseacht ar chúrsaí nach mbaineann le cuspóir na gluaiseachta féin, agus níor chóir an ghluaiseacht a tharraingt isteach in aon chonspóid phoiblí.
 
* An polasaí atá againn i leith an chaidrimh phoiblí, tá sé bunaithe ar an tarraingteacht, seachas ar an bhfógraíocht. Caithfidh muid ainmneacha ár gcuid ball a choinneáil ceilte ó na nuachtáin, ó na craoltóirí agus ó lucht déanta na scannán.
 
* Is í an díth ainm dúshraith spioradálta ár gcuid traidisiún, an dóigh a bhfuil na prionsabail chun tosaigh ar na pearsantachtaí.
 
{{commonscat|Alcoholics Anonymous|Alcólaigh gan Ainm}}
 
==Tagairtí==
{{reflist}}