An difríocht idir athruithe ar: "Na hAlcólaigh gan Ainm"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 4:
 
Is é dearcadh na gluaiseachta ná nach bhfuil sí ag iarraidh aon tuiscint ar leith ar an andúil alcóil a chur chun cinn thar theoiricí eile: is é tasc na [[Dochtúir leighis|ndochtúirí]] agus na [[síciatraí|síciatraithe]] é, agus níl sé faoi eagraíocht gluaiseachta féinchabhrach cosúil leis na hAA. Mar sin féin, glactar leis gurbh iad na hAlcólaigh gan Ainm a theagasc don tsaol mhór gur galar é an t-alcólachas - cé go raibh Bill W. fein in aghaidh na tuisceana seo. Is é dearcadh Cumann Síciatraithe na Stát Aontaithe, mar shampla, gur chóir don druncaeir dul faoi chóir leighis san am chéanna agus atá sé ag freastal ar ghrúpa féinchabhrach de chuid na nAlcólach gan Ainm, go háirithe más [[alcólachas]] ainsealach faidréiseach atá i gceist. Admhaíonn na hAlcólaigh gan Ainm féin go n-éiríonn 64 % de bhaill na ngrúpaí féinchabhrach as i rith an chéad bhliain, ach mar sin féin, glactar leis go bhfuil a lán daoine in ann staonadh ón alcól agus iad i dtuilleamaí chlár oibre na nAlcólach gan Ainm.
 
==In Éirinn==
 
In Éirinn, bhí na dochtúirí drochamhrasach i leith mhodh oibre na nAlcólach gan Ainm chomh déanach leis na caogaidí. Is é an dearcadh a bhí acu gur chóir an t-othar a choinneáil i dteach téarnaimh ar feadh tréimhse réasúnta fada, leathbhliain cuir i gcás, agus bheith ag súil leis go mbeadh sé tar éis a bhlas ar an mbiotáille a chailleadh idir an dá linn. Sa bhliain 1943, chuaigh Éireannach darbh ainm Conor F. sna hAlcólaigh gan Ainm in Philadelphia, agus níos déanaí, bhunaigh sé an chéad ghrúpa féinchabhrach de chuid na gluaiseachta i mBaile Átha Cliath. Duine eile a chabhraigh leis an ngluaiseacht a leathadh go hÉirinn ab ea an Bráthair Tomás Ó Duinnshléibhe, eaglaiseach Éireannach i Sydney. Bunaíodh an chéad ghrúpa san Astráil sa bhliain 1943, agus tharraing sé súil an Bhráthar ar cheist na druncaeireachta agus ar a bhféadfadh na halcólaigh féin a dhéanamh le teacht slán as a gcruachás. Chuaigh borradh na gluaiseachta agus rath a hoibre go mór mór i bhfeidhm ar an mBráthair. Bhí an Bráthair féin sáite in obair scoile ceartúcháin do bhuachaillí óga, agus suim aige i bhfadhbanna sóisialta ginearálta dá réir sin, cosúil le ceist an alcólachais. Nuair a thug sé cuairt ar Éirinn sa bhliain 1946, chuir an ''Evening Mail'' agallamh air faoin obair shóisialta a bhí idir lámhaibh aige i Sydney, agus san agallamh seo, thug sé cur síos ar ghluaiseacht na nAlcólach gan Ainm de réir a thuisceana féin. San am chéanna, bhí Conor F. ar saoire in Éirinn, agus é buíoch beannachtach gur chabhraigh an ghluaiseacht leis trí bliana a chaitheamh gan braon a bhlaiseadh. Chinn sé ar ghrúpa de chuid na nAlcólach gan Ainm a bhunú i mBaile Átha Cliath sula bhfillfeadh sé go Meiriceá. Mar seo a chuir sé bun leis an ngluaiseacht in Éirinn.[http://www.alcoholicsanonymous.ie/opencontent/default.asp?itemId=12&Section=About%20Us]
 
==Stair==