An difríocht idir athruithe ar: "Aibhistín de Staic"

Content deleted Content added
No edit summary
gramadach agus naisc mhaithe
Líne 1:
Réabhlóidí Éireannach ab ea é '''Aibhistín de Staic''' (7 Mí na Nollag 1879 - 27 Aibreán 1929).
 
Saolaíodh Aibhistín de Staic i d[[Trá Lí]] i g[[Contae Chiarraí]]. Fuair sé a chuid oideachais ó [[na Bráithre Críostaí]] i dTrá Lí. Nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois, thréig sé an scoil agus chuaigh sé ag obair ina chléireach in oifig dlíodóra. Bhí sé ar fheabhas ina pheileadóir, agus é i gceannas ar fhoireann Chiarraí nuair a bhain siad an chraobh uile-Éireann sa bhliain 1904. Bhí sé freisin ina Uachtarán ar Bhord [[Contae Chiarraí|Chontae Chiarraí]] don [[Cumann Lúthchleas Gael|Chumann Lúthchleas Gael]].
 
Sa bhliain 1908, chuaigh sé san [[IRB]]. Ní raibh sé gníomhach i bpolaitíocht roimhe sin. Sa bhliain 1916, bhí sé ina cheannfort ar na h[[Óglaigh na hÉireann|Óglaigh]] i g[[Ciarraí]], agus é le teacht in araicis na n-arm Gearmánach a bhí [[Ruairí Mac Easmainn]] a thabhairt go hÉirinn. Ghabh na Sasanaigh é, áfach, agus daoradh chun báis é. Ina dhiaidh sin, áfach, maolaíodh an pionós sin go pianseirbhís saoil. Scaoileadh saor é i Mí an Mheithimh, [[1917]], de bharr an phardúin ghinearálta, agus vótáladh isteach ina Fheisire do [[Sinn Féin|Shinn Féin]] i gCiarraí é in olltoghchán na bliana [[1918]].