An difríocht idir athruithe ar: "An Ostair-Ungáir"

3,202 bytes added ,  9 mbliana ó shin
no edit summary
 
I gcaidreamh idirnáisiúnta is é an t-ainm a bhí ar an monarcacht ná ''Österreichisch-Ungarische Monarchie'', is é sin, an Mhonarcacht Ostarach-Ungárach, de réir chinneadh an Impire Proinsias Seosamh a hAon ón mbliain 1868. Tagraíonn an t-ainm seo do na Ríochtaí agus na Tailte le hIonadaíocht sa Chomhairle Impiriúil (an ''Reichsrat'') agus Tailte Choróin Stiofáin Naofa in éineacht. Is éard atá i gceist le Stiofán Naofa ná Stiofán a hAon, Rí na hUngáire i dtús na haonú haoise déag, a rinne tír Chríostaí den Ungáir. Duine de naoimh na hEaglaise Caitlicí é Stiofán.
 
====Tailte na hOstaire====
 
Ba iad tailte na hOstaire ná:
 
* Ríocht na Boihéime (príomhchathair: Prág, arb í príomhchathair Phoblacht na Seice inniu)
 
* Ríocht na Dalmáite (príomhchathair: Zadar, atá suite i ndeisceart na Cróite inniu)
 
* Ríocht na Gailíse agus na Lodaiméire (an chuid den Pholainn, go bunúsach, a thit leis an Ostair nuair a chuaigh críochdheighilt ar an tír sin. Ba é Lemberg an phríomhchathair. Inniu, tá Lviv ar Lemberg, agus é suite san Úcráin. Go traidisiúnta, cathair Pholannach a bhí ann, áfach. Is é an t-ainm Polainnise ná Lwów.)
 
* Ard-Diúcacht na hOstaire taobh thíos d'Abhainn Enns (príomhchathair: Vín. Is ionann an ard-diúcacht seo, go príomha, agus an Ostair Íochtarach nó ''Niederösterreich'', ceann de stáit fheidearálacha na hOstaire inniu.)
 
* Ard-Diúcacht na hOstaire chois Abhainn Enns (príomhchathair: Linz. Is ionann an ard-diúcacht seo, go bunúsach, agus an Ostair Uachtarach nó ''Oberösterreich'', mar a thugtar uirthi inniu.)
 
* Diúcacht na Búcaivíne (príomhchathair: Czernowitz, inniu: Chernivtsi/Чернівці san Úcráin.
 
* Diúcacht Kärnten (príomhchathair: Klagenfurt. Ceann de stáit fheidearálacha na hOstaire é Kärnten inniu féin.)
 
* Diúcacht Krain (príomhchathair: Laibach, inniu: Ljubljana, príomhchathair na Slóivéine. ''Carniola'' an t-ainm Laidine agus Béarla ar Krain.)
 
* Diúcacht Salzburg (príomhchathair: Salzburg. Ceann de na stáit fheidearálacha san Ostair inniu féin é stát Salzburg.)
 
* Diúcacht na Siléise Uachtaraí agus Íochtaraí (príomhchathair: Troppau, inniu: Opava i bPoblacht na Seice)
 
* Diúcacht Steiermark (príomhchathair: Graz. Ceann de na stáit fheidearálacha san Ostair inniu féin é Steiermark.)
 
* Margrafacht na Moráive (príomhchathair: Brünn. Inniu, tugtar Brno ar Brünn, agus is é an dara cathair is mó i bPoblacht na Seice.)
 
* Contae Diúcach na Tioróile (príomhchathair: Innsbruck)
 
* Tír an Chósta (is é sin, na tailte timpeall ar Trieste; is leis an Iodáil, leis an tSlóivéin agus leis an gCróit iad inniu. Trieste, nó Triest as Gearmáinis, a bhí ina príomhchathair ar Thír an Chósta.)
 
* Vorarlberg (príomhchathair: Bregenz. Ceann de na stáit fheidearálacha é Vorarlberg san Ostair inniu.)
 
====Tailte na hUngáire====
 
* Ríocht na hUngáire. Tabhair faoi deara go raibh a lán teangacha éagsúla agus náisiúntachtaí éagsúla sa ríocht seo, ach ní raibh stádas ar bith acu san Ungáir. Mar shampla, bhí a ríocht agus a gcoróin féin ag na Seicigh sa Bhoihéim, ach ní raibh aon chineál stáit ná fiú stát soip ag na Slóvacaigh san Ungáir. Ba í Búdaipeist an phríomhchathair, ar ndóigh.
 
* Ríocht na Cróite agus na Slavóine. Bhí féinrialtas éigin ag an ríocht seo, agus cineál dáil nó tionól réigiúnach aici - rud neamhghnách san Ungáir. Agram an phríomhchathair - nó Zagreb. Is é Zagreb príomhchathair na Cróite inniu.
 
* Fiume - is é sin, an chathair úd Fiume agus na tailte ina timpeall. Inniu, tugtar Rijeka ar Fiume, agus is cuid den Chróit í. Ciallaíonn an dá ainm "abhainn": focal Iodáilise é ''fiume'', agus focal Cróitise é ''rijeka''.
 
 
=== Ainm na tíre i dteangacha oifigiúla na hOstair-Ungáire ===