An difríocht idir athruithe ar: "An Ostair-Ungáir"

no edit summary
|fonótaí=}}-->
[[File:Location-Austria-Hungary-01.png|thumb|Impireacht na hOstaire agus na hUngáire sa bhliain 1913]]
Aontas monarcaí idir coróin Impireacht na hOstaire agus coróin Ríocht na hUngáire ab í '''An Ostair-Ungáir''', a dtugtaí Impireacht na hOstair-Ungáire, an Démhonarcacht, Monarcacht na [[An Danóib|Danóibe]], nó an Mhonarcacht Impiriúil Ríoga (''kaiserlich- und königlich'', nó ''k. u. k.'') uirthi chomh maith. Bhí sí suite i lár na [[An Eoraip|hEorpa]]. Bunaíodh an t-aontas le Comhréiteach (''Ausgleich'') na bliana 1867. De réir an chomhréitigh seo, thoiligh Rítheaghlach Ostarach Hapsburg an chumhacht a chomhroinnt le rialtas na hUngáire, agus mar sin rinneadh tír ar leith de Ríocht na hUngáire a raibh an ceann stáit. cuid de na ranna rialtais agus forais áirithe i bpáirt aici leis an Impireacht Ostarach. Sin an chúis a dtugtaí monarcacht Impiriúil Ríoga ar an Ostair-Ungáir: thagair an chéad aidiacht acu do ról an rialtóra mar Impire san Ostair, agus an dara ceann acu bhí sé ag trácht ar a ról mar Rí san Ungáir.
 
Mhair an démhonarcacht ar feadh 51 bliain. Tháinig deireadh léi sa bhliain 1918, nuair a briseadh an Chéad Chogadh Domhanda ar na Cumhachtaí Láir (Impireacht na Gearmáine agus an Démhonarcacht). Ba ansin a tháinig na gluaiseachtaí náisiúnta chun tosaigh i measc na náisiúntachtaí beaga a raibh an Impireacht comhdhéanta astu, agus bhunaigh siad stáit nua dóibh féin.