An difríocht idir athruithe ar: "An Ostair-Ungáir"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 33:
Mhair an démhonarcacht ar feadh 51 bliain. Tháinig deireadh léi sa bhliain 1918, nuair a briseadh an Chéad Chogadh Domhanda ar na Cumhachtaí Láir (Impireacht na Gearmáine agus an Démhonarcacht). Ba ansin a tháinig na gluaiseachtaí náisiúnta chun tosaigh i measc na náisiúntachtaí beaga a raibh an Impireacht comhdhéanta astu, agus bhunaigh siad stáit nua dóibh féin.
 
Ní mór an giorrúchán ''k.u.k.'' (''kaiserlich und königlich'', "Impiriúil agus Ríoga") a aithint thar an ngiorrúchán ''k.k.'' (''kaiserlich königlich'', "Impiriúil Ríoga"). Tagraíonn an chéad ghiorrúchán d'údaráis na tíre go léir, idir an Ostair agus an Ungáir. Maidir leis an dara giorrúchán, tráchtann sé ar údaráis na hOstaire, nó is amhlaidh go raibh an tImpire ag rialú Ríocht na Boihéime (inniu: Poblacht na Seice) mar rí, freisin. Tagraíonn an giorrúchán ''kgl. ung.'' (''königlich ungarisch'', ríoga Ungárach) d'údaráis na hUngáire (''m. kir.'' nó ''magyar királyi'' an leagan Ungáirise).
 
== Struchtúr agus ainm na tíre ==