An difríocht idir athruithe ar: "An Ostair-Ungáir"

Content deleted Content added
Líne 48:
 
I gcaidreamh idirnáisiúnta is é an t-ainm a bhí ar an monarcacht ná ''Österreichisch-Ungarische Monarchie'', is é sin, an Mhonarcacht Ostarach-Ungárach, de réir chinneadh an Impire Proinsias Seosamh a hAon ón mbliain 1868. Tagraíonn an t-ainm seo do na Ríochtaí agus na Tailte le hIonadaíocht sa Chomhairle Impiriúil (an ''Reichsrat'') agus Tailte Choróin Stiofáin Naofa in éineacht. Is éard atá i gceist le Stiofán Naofa ná Stiofán a hAon, Rí na hUngáire i dtús na haonú haoise déag, a rinne tír Chríostaí den Ungáir. Duine de naoimh na hEaglaise Caitlicí é Stiofán.
 
Is é an teideal a chuireadh an monarc lena ainm agus é ag síniú conarthaí idirnáisiúnta ná ''Kaiser von Österreich und Apostolischer König von Ungarn'', is é sin, Impire na hOstaire agus Rí Aspalda na hUngáire. Sa chaidreamh phearsanta, thugtaí ''Seine K. u. K. apostolische Majestät'', "A Mhórgacht Aspalda Impiriúil agus Ríoga" air.
 
====Tailte na hOstaire====