An difríocht idir athruithe ar: "Imeacht na nIarlaí"

Content deleted Content added
m robot Adding: no
m robot Adding: de:Flight of the Earls
Líne 1:
Tar éis [[Cath Chionn tSáile|Chath Chionn tSáile]] i [[1601]], chúlaigh taoisigh na nGael go Cúige Uladh, agus ghéilleadar do na Sasanaigh i 1603. Ba iad [[Aodh Ó Néill]], iarla Thír Eoghain, agus [[Aodh Rua Ó Domhnaill]] na cinnirí a bhí ar na Gaeil le linn Chogadh na Naoi mBliana. D'imigh Ó Domhnaill chun na Spáinne áit a bhfuair sé bás. Lean na coilínithe orthu á gciapadh áfach mar gur shíl siad go raibh an Leasrí róbhog ar na daoine a chuir cogadh orthu, agus sa deireadh bheartaigh Ó Néill agus Ruairí Ó Domhnaill, a bhí ina chomharba ar Aodh Rua, ar imeacht as a dtailte. Ba é Cúchonnacht Mag Uidhir, Tiarna Fhear Manach a d'eagraigh an turas. Tháinig long Bhriotánach go [[Loch Suilí]] i bhfíorthuaisceart na tíre, agus tugadh nócha duine ar bord chun na Spáinne. Tugtar '''Teitheadh na nIarlaí''' ar an eachtra sin. Chuaigh siad as sin chun na Róimhe, áit a bhfuair Ó Néill bás i 1616. Chuir na huaisle Gaelacha fúthu ar an Mór Roinn, go h-áirithe i dtíortha [[Caitliceachas|Chaitlicigh]] na h[[an Eoraip|Eorpa]], ar nós na [[an Fhrainc|Fraince]] agus na [[an Spáinn|Spáinne]].
 
[[de:Flight of the Earls]]
[[en:Flight of the Earls]]
[[no:Jarlenes flukt]]