An difríocht idir athruithe ar: "An tSlóvaicis"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 14:
|rialtóir=[[Acadamh na Slóvaice um Eolaíocht]] / Slovenská akadémia vied
|iso1=sk|iso2=slo (B) slk (T)|iso3=slk}}
Is í an t'''Slóvaicis''' an [[Teanga (cumarsáid)|teanga]] Shlavach a labhraítear sa [[An tSlóvaic|tSlóvaic]] agus i measc lucht imirce ón tSlóvaic sna tíortha eile, go háirithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ar fud an domhain, tá sí ag sé milliúnmhilliún de dhaoine ó dhúchas. Is í an t[[Seicis]] an teanga is gaolmhaire léi, agus an dá theanga sách intuigthe ag cainteoirí na teanga eile acu. Mar sin féin, tá caighdeán scríofa agus litríocht dá gcuid féin ag na Slóvacaigh, agus difríochtaí suntasacha ag baint leis an gcóras díochlaonta.
 
An duine nach bhfuil Slóvaicis aige, nuair a chaithfidh sé súil ar théacs sa teanga, is é an rud is mó a chuirfidh iontas air ná an oiread focal nach bhfuil guta ar bith iontu: ''smrť'' ("bás"), ''blb'' ("amadán") agus a leithéid. Tá mórán focal ann a bhfuil guta amháin iontu freisin, mar shampla: ''štvrtok'' ("Déardaoin"). Is é an míniú ná go mbaintear úsáid an ghuta as an ''l'' agus as an ''r'' sa tSlóvaicis go minic, agus iad ag iompar an tsiolla mar a bheadh gutaí iontu.