An iarracht seo, áfach, bhain tubaiste don chomplacht: stróic pléascán Rúiseach an chuid ba mhó acu a chuid fear as a chéile, agus b'é Linna féin an t-aon duine amháin a tháinig slán as an teagmháil. Bhí fir a chomplachta ag dul thart le crann teileafóin a bhí prapáilte le clocha móra, nuair a bhuail gránáid an crann seo. Rinne an phléasc bloghanna de na clocha, rud a chuir go mór mór leis an éirleach. Ní dheachaigh ach néal i Linna féin, ach nuair a tháinig sé thart arís, fuair sé é féin fliuch báite i bhfuil a chuid fear, rud a bhain stangadh mór as. Níor thréig cuimhne an lae sin é choíche, ní nárbh ionadh.