An difríocht idir athruithe ar: "An Impireacht Naofa Rómhánach"
Content deleted Content added
No edit summary |
Athscríobh |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Holyromanempire.png|thumb|An Impireacht Naofa Rómhánach
▲[[Íomhá:Holyromanempire.png|thumb|An Impireacht Naofa Rómhánach. Timpeall 1600.]]
▲Aontas i lár na hEorpa i rith na Meánaoise agus sa Nua-aois Luath ab ea an '''Impireacht Naofa Rómhánach''' ([[Gearmáinis]]: ''Heiliges Römisches Reich'' (HRR), [[Laidin]]: ''Sacrum Romanum Imperium'' (SRI)). Bhí [[Otto I, Impire Naofa Rómhánach|Otto Mór]] mar an chéad Impire sa bhliain [[962]]. Ba é [[Proinsias II, Impire Naofa Rómhánach|Proinsias II]] an tImpire deireanach; thréig sé agus lánscoir sé an Impireacht sa bhliain [[1806]] i rith Cogaidh Napoléon. Go hoifigiúil glaodh "Impireacht Naofa Rómhánach an Náisiúin Ghearmánaigh" air (Gearmáinis: ''Heiliges Römisches Reich Deutscher Nation'', Laidin: ''Sacrum Romanum Imperium Nationis Germanicæ'') ón [[16ú haois]] ar aghaidh.
▲D'athraigh críoch na hImpireachta. Ag buaic a réime chlúdaigh sí Ríocht na Gearmáine, Ríocht na Iodáile agus Ríocht na Burgúine. Sa lá atá inniu ann, is iad sin [[an Ghearmáin]] (ach amháin deisceart Schleswig), [[an Ostair]] (ach amháin Burgenland), [[Lichtinstéin]], [[an Eilvéis]], [[an Bheilg]], [[an Ísiltír]], [[Lucsamburg]], [[Poblacht na Seice]], [[an tSlóivéin]] (ach amháin Prekmurje) chomh maith le cuid mhór den [[An Fhrainc|Fhrainc]] (go háirithe Artois, Alsace, Franche-Comté, Savoie agus Lorraine), den [[An Iodáil|Iodáil]] (go háirithe [[an Lombaird]], [[Piodmant]], Emilia-Romagna, [[an Tuscáin]], agus Alto Adige-an Tioróil Theas), agus den [[an Pholainn|Pholainn]] (go háirithe [[an tSiléis]], Pomerania, agus Neumark). Don chuid is mó dá stair bhí an Impireacht briste ina céadta, prionsachtaí, diúcachtaí, contaetha, cathracha shaora, agus ar uile. In ainneoin dá hainm ní raibh an Róimh faoina réim don chuid is mó den am.
[[Catagóir:Impireacht Naofa Rómhánach| ]]
|