An difríocht idir athruithe ar: "Väinö Linna"

Content deleted Content added
mioncheartú gramadaí
No edit summary
Líne 1:
'''Väinö Linna''', a rugadh in [[Urjala]] ar an [[20 NollaigMí na Nollag]], [[1920]] agus a shíothlaigh i d[[Tampere]] ar an [[21 Aibreán]], [[1992]], b'eisean scríbhneoir náisiúnta na [[Fionlainne]] thar aon scríbhneoir eile san fhíchiú haois. Cosúil le scríbhneoirí móra a thíre i gcoitinne, scríobhadh sé prós réadúil i stíl eipiciúil an chanbháis leathain. Ba scríbhneoir prólatáireach é ar a bhealach féin, ach ní dheachaigh sé riamh le [[Cumannachas]] ná fiú le [[Daonlathas Sóisialta]]. Rinne sé a chomhionannú le haicme na n-oibrithe sa chiall leathan, agus é ag tabhairt cur síos craicneach inchreidte ar chinniúint na mbochtán Fionlannach agus ar an dóigh ar streachail siad a mbealach i dtreo an stáit shoilíosaigh nua-aimseartha.
 
==Cruachás a Óige==
Líne 11:
==Ina Shaighdiúir dó==
 
Nuair a d'éirigh ina chogadh idir an Fhionlainn agus [[an tAontas Sóivéadach]], chuaigh Väinö óg sna saighdiúirí chomh maith le duine. Cuireadh i gceannas ar chomplacht meaisinghunnadóirí é, ach nuair a tháinig deireadh le [[Cogadh an Gheimhridh]], fuair sé de chúram cleachtadh a thabhairt do shaighdiúirí nua-earcaithe. Nuair a phléasc [[Cogadh na Leanúna]] amach, agus na Fionlannaigh ag dul chun cogaidh le taobh na Gearmáine[[Gearmáin]]e Naitsíche[[Naitsí]]che chun a gcuid críocha caillte a éileamh ar ais ar an Aontas Sóivéadach, cuireadh Linna i gceannas ar a chomplacht meaisínghunnadóirí arís.
 
==Uafás an Chogaidh==
 
An iarracht seo, áfach, bhain tubaiste don chomplacht: stróic pléascán Rúiseach[[Rúis]]each an chuid ba mhó acu as a chéile, agus b'é Linna féin an t-aon duine amháin a tháinig slán as an teagmháil. Bhí fir a chomplachta ag dul thart le crann teileafóin a bhí prapáilte le clocha móra, nuair a bhuail gránáid an crann seo. Rinne an phléasc bloghanna de na clocha, rud a chuir go mór mór leis an éirleach. Ní dheachaigh ach néal i Linna féin, ach nuair a tháinig sé thart arís, fuair sé é féin fliuch báite i bhfuil a chuid fear, rud a bhain stangadh mór as. Níor thréig cuimhne an lae sin é choíche, ní nárbh ionadh.
 
==Le Bheith ina Scríbhneoir==
Líne 21:
Le linn an chogaidh, bhí na tithe foilsitheoireachta chomh maith le Foras Bolscaireachta an Stáit (''Valtion Tiedoituslaitos'') ag iarraidh scríbhneoirí a earcú as measc na saighdiúirí chun cur síos a thabhairt ar na himeachtaí cinniúnacha i stair an náisiúin. Ansin, bhí Linna ag coinneáil dialann chogaidh, agus thairg sé a dhialann do WSOY, ceann de na tithe foilsitheoireachta is mó san Fhionlainn. Fuair sé an dialann ar ais, nó bhí na foilsitheoirí den tuairim nach raibh sí infhoilsithe go fóill, siúd is go raibh mianach ann don té a d'fháiscfeadh an litríocht as. Dhúisigh sé uaillmhian scríbhneoireachta Linna.
 
I ndiaidh an chogaidh, phós Linna an cailín, Kerttu Sauri, a casadh air i mblianta an chogaidh agus shocraidh sé síos ina fhear oibre arís. Shílfeá go raibh sé éirithe as an aisling scríbhneoireachta, ach ní raibh. Chrom sé ar litríocht ardealaíonta, cosúil le [[Schopenhauer]], Carlyle nó [[Nietzsche]], a léamh mar ullmhúchán do chaithréim na scríbhneoireachta. San am seo, chum sé an chéad úrscéal leis a tháinig i gcló ceart, ''Päämäärä''.
 
==''Päämäärä'' - An Cuspóir Sroichte==
 
Foilsíodh ''Päämäärä'' - "An Cuspóir" - sa bhliain [[1947]]. Ní raibh ann go bunúsach ach cur síos dírbheathaisnéisiúil ar shaol an fhir oibre a chuireann roimhe a shaol a fheabhsú agus cuspóir ar leith a bhaint amach - agus is é an cuspóir seo ná dul le scríbhneoireacht. Chuaigh an t-úrscéal go mór mór i bhfeidhm ar na léirmheastóirí agus an cur síos dúisitheach a thug sé ar mhífhoighne na hóige, ar an míshuaimhneas is ar an míshástacht leis an saol is dual do dhaoine óga gach glúin. Níor dhíol an leabhar go rómhaith, áfach. Mar sin féin, d'oscail sé doirse na gciorcal liteartha os comhair an scríbhneora óig. Fuair sé aithne ar [[Alex Matson]], a bhí ina léirmheastóir agus ina scríbhneoir aithnidiúil aistí, agus d'imir aiste thábhachtach Mhatson, ''Romaanin taide'' ("An Úrscéalaíocht"), an-tionchar ar Linna mar scríbhneoir.
 
==''Musta rakkaus'' agus an Ghéarchéim Mheisiasach==
Líne 35:
Nuair a fuair Linna biseach i ndiaidh na géarchéime, bhí seisean agus an foilsitheoir sásta an t-úrscéal Meisiasach a fhágáil sa tarraiceán. Anois, áfach, chrom Linna ar a sheanphlean a thabhairt i gcrích faoi dheoidh - úrscéal eipiciúil a scríobh faoi shaighdiúirí Fionlannacha an Dara Cogadh Domhanda, mar ab aithin dó féin iad. Mar is léir ón teideal simplí a bhaist sé ar an úrscéal - ''Sotaromaani'' (nach gciallaíonn ach "Úrscéal Cogaidh") - bhí sé meáite ar chur síos a thabhairt ar imeachtaí an chogaidh nach scinnfeadh ón bhfírinne mar a thuig sé féin í. B'é ba impleacht dó seo go raibh an lámhscríbhinn ramhar le mionna móra, jioranna, crístíní agus mígheanmnaíocht den chineál a chluinfeá ó shaighdiúir ar bith i gcogadh ar bith. Thairis sin, ba mhinic a fuair Linna locht tromchúiseach ar an dóigh a mbítí ag stiúradh an chogaidh agus an airm.
 
Mar sin, siúd is go raibh an foilsitheoir as pabhar doirte don scéal agus do na pearsana a raibh beocht, bríomhaireacht agus inchreidteacht chraicneach ag roinnt leo go flúirseach, fuair sé riachtanach cuid de na mionnaí móra agus den chriticeoireacht chogaidh a bhaint den lámhscríbhinn sula bhfoilseofaí í. Ní mó ná sásta a bhí Linna leis an sórt seo cinsireachta, ach ní raibh an dara suí sa bhuaile aige. Mar sin féin, nuair a tháinig an t-úrscéal i gcló faoin teideal nua a cheap an foilsitheoir dó - ''Tuntematon sotilas'' ("An Saighdiúir Anaithnid"), chuaigh an tír ar fad le mire faoi. Bhain an leabhar amach margadh Nollag na bliana [[1954]], rud a chiallaigh gurb iomaí iarshaighdiúir a fuair mar bhronntanas Nollag í. Go tobann, bhí Linna i mbéal an tsaoil mhóir is a mháthara, agus an tír scoilte ar fad ag an leabhar. An duine nár thug taithneamh agus teasghrá don úrscéal seo, bhí fuath na ndaol aige air.
 
Cuid mhór acu siúd a d'ionsaigh agus a lochtaigh an t-úrscéal, bhí siad barúlach go raibh saighdiúir curata na Fionlainne náirithe ag Linna, nó "is follasach nach mbeadh a leithéid de dhroch-chaint ar siúl ag aon saighdiúir Fionlannach". Cuireadh Cumannachas agus [[Boilséiveachas]] i leith Linna, mar sin. Na scríbhneoirí nua-aimseartha a tháinig ar an bhfód i dtús na gcaogaidí, bhí siad míshásta le saothar Linna toisc é a bheith chomh coinbhinsiúnta, chomh traidisiúnta, chomh réadúil. Theastaigh scéalta de chineál eile uathu, scéalta a bheadh chomh míréasúnta leis an gcogadh féin - an cineál scéalta a scríobh [[Günter Grass]] sa Ghearmáin, is dócha.
 
Iad siúd ar thaitin an t-úrscéal leo, bhí siad líonmhar chomh maith, agus an chuid ba mhó acu tar éis a gcuid féin den chogadh a fheiceáil le súile a gceann féin. B'é a ngéarbharúil é gurbh é seo an chéad úrscéal a thaispeáin saighdiúir na Fionlainne ina steillbheatha, mar ba chuimhin lena chuid comhshaighdiúirí é.
Líne 47:
==Eipic Mhillteanach na Staire==
 
Duine de na pearsana is lú suntais is ea é Vilho Koskela, oifigeach de phór an lucht oibre a dtugann a chomplacht Ville Vaitelias, nó Liam ina Thost, air. Ní labhraíonn sé mórán, agus is ciúin an cineál báis féin a fhaigheann sé sa deireadh, ach is é a chiúnas - an dóigh a seachnaíonn sé baothchaint - a thuilleann clú dó óna chuid saighdiúirí. Is é an rud is spéisiúla faoi ná nuair a thosaíonn duine de na saighdiúirí ag canadh amhrán Cumannach le stainc ar na hoifigigh, go n-iarrann Koskela air leanúint leis. Nó is amhlaidh go bhfuil cuimhní a chéad óige fite fuaite le cogadh cathartha na Fionlainne sa bhliain [[1918]], nuair a bhí na Gardaí Dearga is na Gardaí Bána ag cur cogaidh ar a chéile faoi thodhchaí na Fionlainne. San am sin a chuala Koskela na hamhráin seo, nuair nach raibh ann féin ach buachaill beag.
 
Nuair a bhí díospóireacht an tSaighdiúra Anaithnid traidhfilín ciúnaithe síos, bhí d'uain ag Linna cromadh ar an gcuid eile de scéal mhuintir Koskela a insint. B'ansin - i ndeireadh na gcaogaidí agus i dtús na seascaidí - a scríobh sé an tríológ mhór mhillteanach úd ''Täällä Pohjantähden alla'' ("Anseo faoin Réalta Pholach").
Líne 55:
Fiú i ndiaidh a chuid tailte féin a mhíntíriú, níl i Jussi ach tionónta, agus an ministir Salpakari mar thiarna talún aige. Bean bhaoth fhanaiceach is ea í bean chéile an mhinisteara, agus í ag síleadh an dúrud di féin. Náisiúnaí cruthanta í, ach siúd is go bhfuil an Fhionlainnis i mbarr a teanga aici, ní thuigeann sí don chosmhuintir leath chomh maith is a chreideann sí. Déanann sí, fosta, spior spear de chúrsaí eacnamaíochta an tí, i gcruth is go gcaithfidh an ministir cuid de thailte an bhotháin a choigistiú ó Jussi. Faoin am seo, áfach, tá clann ag Jussi, triúr mac nach bhfuil in aon chóngar do bheith chomh humhal le Jussi féin do na daoine uaisle. Is é a dtuairim siúd go gcaithfear sásamh na dtailte a bhaint as an ministir, an lá is faide anonn.
 
Tá imeachtaí an tsaoil mhóir ag cúngú isteach ar mhuintir Pentinkulma féin - sin é ainm an tsráidbhaile ina bhfuil cónaí ar mhuintir Koskela. Tugann Linna cur síos ar an dóigh a dtéann [[Forógra na Feabhra (An Fhionlainn)|forógra na Feabhra]] [[1899]], [[Réabhlóid na Rúise 1905|stailc mhór na bliana 1905]] agus [[Cogadh Cathartha na Fionlainne|cogadh cathartha na Fionlainne]] i bhfeidhm ar bhunadh na háite.
 
Tháinig an chéad chuid den tríológ amach sa bhliain [[1959]]. Bhí an tsraith críochnaithe i ndiaidh trí bliana, agus ansin, d'éirigh sé as an úrscéalaíocht, ó bhí sé tar éis a theachtaireacht a reic, mar a dúirt sé. Ina dhiaidh sin féin, scríobhadh sé aistí i gcónaí.