An difríocht idir athruithe ar: "Väinö Linna"

no edit summary
'''Väinö Linna''', a rugadh in [[Urjala]] ar an [[20 Mí na NollagNollaig]], [[1920]] agus a shíothlaigh i d[[Tampere]] ar an [[21 Aibreán]], [[1992]], b'eisean scríbhneoir náisiúnta na [[Fionlainne]] thar aon scríbhneoir eile san fhíchiú haois. Cosúil le scríbhneoirí móra a thíre i gcoitinne, scríobhadh sé prós réadúil i stíl eipiciúil an chanbháis leathain. Ba scríbhneoir prólatáireach é ar a bhealach féin, ach ní dheachaigh sé riamh le [[Cumannachas]] ná fiú le [[Daonlathas Sóisialta]]. Rinne sé a chomhionannú le haicme na n-oibrithe sa chiall leathan, agus é ag tabhairt cur síos craicneach inchreidte ar chinniúint na mbochtán Fionlannach agus ar an dóigh ar streachail siad a mbealach i dtreo an stáit shoilíosaigh nua-aimseartha.
 
==Cruachás a Óige==
==Ina Shaighdiúir dó==
 
Nuair a d'éirigh ina chogadh idir an Fhionlainn agus [[an tAontas Sóivéadach]], chuaigh Väinö óg sna saighdiúirí chomh maith le duine. Cuireadh i gceannas ar chomplacht meaisinghunnadóirí é, ach nuair a tháinig deireadh le [[Cogadh an Gheimhridh]], fuair sé de chúram cleachtadh a thabhairt do shaighdiúirí nua-earcaithe. Nuair a phléasc [[Cogadh na Leanúna]] amach, agus na Fionlannaigh ag dul chun cogaidh le taobh na [[Gearmáinan Ghearmáin|Gearmáine]]e [[Naitsí]]che chun a gcuid críocha caillte a éileamh ar ais ar an Aontas Sóivéadach, cuireadh Linna i gceannas ar a chomplacht meaisínghunnadóirí arís.
 
==Uafás an Chogaidh==
 
An iarracht seo, áfach, bhain tubaiste don chomplacht: stróic pléascán [[an Rúis|Rúiseach]]each an chuid ba mhó acu as a chéile, agus b'é Linna féin an t-aon duine amháin a tháinig slán as an teagmháil. Bhí fir a chomplachta ag dul thart le crann teileafóin a bhí prapáilte le clocha móra, nuair a bhuail gránáid an crann seo. Rinne an phléasc bloghanna de na clocha, rud a chuir go mór mór leis an éirleach. Ní dheachaigh ach néal i Linna féin, ach nuair a tháinig sé thart arís, fuair sé é féin fliuch báite i bhfuil a chuid fear, rud a bhain stangadh mór as. Níor thréig cuimhne an lae sin é choíche, ní nárbh ionadh.
 
==Le Bheith ina Scríbhneoir==
Úsáideoir gan ainm