An difríocht idir athruithe ar: "NASA"

Content deleted Content added
Tinceráil nach raibh gá léi. Filleadh ar an seanleagan. Faltanas pearsanta ag CMALANT orm, gan amhras ar bith.
Líne 34:
==Ré an Spástointeálaí==
[[Íomhá:Shuttle delivers ISS P1 truss.jpg|mion|An Spástointeálaí Endeavour]]
Ó dheireadh na seachtóidí ar aghaidh, chuir an t-údarás an bhéim ba mhó ar an [[spástointeálaí]]. B'é an spástointeálaí an chéad spásárthach a dearadh le haghaidh athúsáide. Scaoileadh an chéad spástointeálaí, Columbia, chun bealaigh ar an dóú lá déag de Mhí Aibreáin, [[1981]].
 
Níor éirigh leis an spástointeálaí chomh maith agus a shíl lucht an údaráis ar dtús. D'iompaigh sé amach go raibh na turasanna i bhfad ní ba daoire ná mar a ceapadh ar dtús. Thairis sin, phléasc an tointeálaí úd Challenger i ndeireadh Mhí Eanáir den bhliain [[1986]], go díreach i ndiaidh a lainseála, agus básaíodh iomlán na foirne. Duine acu siúd a fuair bás sa phléasc, Christa McAuliffe, ba mhúinteoir scoile í a bhí earcaithe le haghaidh an turais ar mhaithe leis an gcaidreamh poiblí, agus na páistí a bhí ag coinneáil súile ar an teilifís le ceacht eolaíochta spáis a fháil ó Christa agus í ar bhord Challenger, ní fhaca siad ach an spásárthach ag dul trí thine i bhfaiteadh na súl.
 
An córas spásiompair, mar a thugtar ar chlár na spástointeálaithe go hoifigiúil, tháinig sé slán as an olltubaiste seo, ach is léir nár fheabhsaigh an drochscéala íomhá phoiblí an údaráis. Nuair a thosaigh an spáseitleoireacht ag éirí níos comónta, ansin, agus na tointeálaithe ag dul suas agus anuas gach dara mí, nó níos minicí fós, chaill an saol mór spéis sa spás. Thairis sin, bhí daoine taobh istigh den údarás féin ag fáil lochta ar an spástointeálaí, nó bhí siad den tuairim go raibh sé ag goid airgid ó scéimeanna eile, cosúil leis na spástaiscéalaithe gan fhoireann, a raibh níos mó úsáide iontu ó thaobh an taighde de ná i dturasanna spáis na ndaoine.
 
Mar sin féin, tháinig an spástointeálaí isteach úsáideach le satailítí tábhachtacha a lainseáil, cosúil le [[Teileascóp Spáis Hubble]], HST. Níor chosain an teileascóp spáis seo ach dhá bhilliún dollar - buiséad atá réasúnta íseal i gcoimhthéacs na spásloingseoireachta - ach mar sin féin, d'iompaigh sé amach an-úsáideach ag na réalteolaithe, gan aon trácht a dhéanamh ar an spéis a chuir an saol mór ann. Tá spásteileascóp Hubble ag obair ón mbliain [[1990]] ar aghaidh. Tháinig cuid mhór pictiúirí iontacha ón teileascóp seo a tharraing súil an tsaoil mhóir ar an réalteolaíocht agus a chuir le suim na ndaoine inti. Tháinig NASA agus ESA - údarás spáis na hEorpa - le chéile leis an teileascóp seo a chur ag obair, agus chuidigh an scéim ceannródaíochta seo leo tuilleadh comhscéimeanna a lainseáil ina dhiaidh sin.
 
Sa bhliain [[1995]], thosaigh comhoibriú na Meiriceánach agus na Rúiseach arís, agus na spástointeálaithe Meiriceánacha ag teacht ar cuairt chuig [[Mir]], an stáisiún spáis Rúiseach. De thoradh an chomhoibrithe seo, tháinig an [[Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta]] ar an bhfód, agus na Meiriceánaigh is na Rúisigh mar phríomhpháirtnéirí á thógáil, chomh maith leis na hEorpaighh[[Eorpa]]igh agus na Seapánaigh[[Seapána]]igh. I ndiaidh phléasc an spástointeálaí úd Columbia sa bhliain [[2003]], d'éirigh na Meiriceánaigh as an spástointeálaí a úsáid, go dtí go mbeadh a laigí faighte amach agus ceartaithe, agus chuaigh siad i dtuilleamaí spásárthaí Rúiseacha in ionad an tointeálaí, le soláthar a choinneáil leis an stáisiún spáis.
 
Chosain an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta na billiúin dollar, agus fuair an t-údarás deacair a mhíniú do mhuintir na Stát cén úsáid atá sa stáisiún. An cineál torthaí eolaíocha a thugann an stáisiún, ní bhíonn siad chomh sothuigthe ag Tadhg an mhargaidh agus, abair, misiún spáis go dtí an Ghealach nó go háit neamhghnách éigin eile. Inniu féin, ní féidir an oiread sin saineolaithe a chur ag obair ar an stáisiún agus mar a bhí pleanáilte.
 
Sna nóchaidí, b'éigean do NASA streachailt leis ar airgead a bhí ag dul i laghad, ó bhí Comhdháil na Stát Aontaithe ag gearradh siar ar bhuiséid an údaráis. Ansin, d'fhorbair Daniel S. Goldin, an naoú ceannasaí ar an údarás, cur chuige seiftiúlachta a chuir ar chumas an údaráis na costais a choinneáil thíos gan baint d'éagsúlacht na scéimeanna spáis (Scéim Discovery). Rinneadh criticeoireacht agus athmheasúnú ar an modh oibre seo, nuair a cailleadh an dá spástaiscéalaí úd ''Mars Climate Orbiter'' agus ''Mars Polar Lander'' sa bhliain [[1999]].
 
Roimh thubaiste Cholumbia sa bhliain [[2003]], bhí na spástointeálaithe i ndiaidh 112 thuras spáis a chur díobh go rathúil.
 
==Todhchaí an Údaráis==