An difríocht idir athruithe ar: "Na Ceithre Chúirteanna"

Content deleted Content added
Scrios tú an ghramadach aríst.
Scrios tusa i bhfad níos mó ná sin.
Líne 1:
[[Íomhá:Dublin four courts.JPG|thumb|Na Ceithre Chúirteanna le James Gandon]]
Is iad na '''Ceithre Chúirteanna''' an príomhshuíomh cúirte i bPoblachtb[[Poblacht na hÉireann]]. Is iad na cúirteanna atá le fáil san fhoirgneamh inniu ná an Chúirt Uachtarach, an Ard-Chúirt, agus an Phríomh-Chúirt Choiriúil. B'é an t-ailtire iomráiteach [[James Gandon]] a dhear an áit, agus tógadh sna blianta ó [[1796]] go dtí [[1802]] í. Is iad na cúirteanna as ar hainmníodh an foirgneamh ná an tSeansaireacht, Binse an Rí, Cúirt an Státchiste agus Cúirt na bPléadálacha Comónta (''Common Pleas'' as [[Béarla]]). Ag druidim chun deiridh don naoú haois déag, leasaíodh córas na gcúirteanna agus tháinig cinn nua in áit na gcúirteanna áirithe seo, ach níor hathraíodh ainm stairiúil an fhoirgnimh. Nuair a bhain an chuid is-mó d'[[Éire]] amach an [[Rialtas Dúchais|rialtas dúchais]] mar [[Saorstát Éireann|Shaorstát]], tháinig athrú nua ar chóras na gcúirteanna. Cuireadh sean-Ard-Chúirt na hÉireann ar ceal agus tugadh bata agus bóthar do Thiarna Príomh-Bhreitheamh na hÉireann agus do Thiarna Seansailéara na hÉireann. Ina n-áit sin, tháinig an Chúirt Uachtarach nua, agus an Príomh-Bhreitheamh i gceannas uirthi, chomh maith leis an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, agus Uachtarán na hArd-Chúirte i gceannas uirthi.
 
==Léirscrios an Fhoirgnimh sa Chogadh==
 
Bhí na Ceithre Chúirteanna i gcroílár na n-imeachtaí le linn [[Éirí Amach na Cásca]], agus arís eile sa [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogadh Cathartha]]. Le linn an Éirí Amach, ghabh an Chéad Chathlán an foirgneamh faoi chomandracht [[Éamonn Ó Dálaigh|Éamoinn Uí Dhálaigh]]. Tháinig an áit sách slán as an Éirí Amach, cé go ndearna gunnaí móra na nGall an-léirscrios sa phríomhchathair. Bhí an scéal i bhfad ní ba mheasa sa bhliain [[1922]], áfach, nó ba sna Cúirteanna seo a thosaigh [[Cogadh Cathartha na hÉireann]], go bunúsach.
 
Nó nuair a tháinig scoilt ar na h[[Óglaigh na hÉireann|Óglaigh]] i ndiaidh shíniú an [[Conradh Angla-Éireannach|Chonartha Angla-Éireannaigh]], shealbhaigh [[Ruairí Ó Conchúir]] agus a chuid Óglach an foirgneamh seo, agus iad ag cur in aghaidh an Chonartha. Bhí [[Seán Lemass]], a bhí ina [[Thaoiseach]] sna seascaidí[[1960í]], ar duine de na hÓglaigh seo. Sa deireadh, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag [[Mícheál Ó Coileáin]] ach an áit a ionsaí le ruaigeadh a chur ar na frith-Chonraitheoirí. Scriosadh an foirgneamh stairiúil faoi chith na sliogán, agus, thar aon rud eile, chuir pléasc mhillteanach sciathán thiar an fhoirgnimh de dhroim an domhain ar fad. Sa teagmháil seo, chuaigh sean-chartlann na dtaifead poiblí trí thine go hiomlán. Bhí sé ina ábhar conspóide ar feadh i bhfad, an raibh na Poblachtánaighfrith-conraitheoirí tar éis buamaí bobghaiste a fhágáil sa chartlann d'aon ogham. Dhiúltaigh siad don líomhain seo, áfach, agus iad ag áitiú nach bobghaiste a bhí ann, ach a gcuid [[muinisean|lón cogaidh]]. Is fíor go raibh siad ag baint úsáide as an gcartlann mar stóras muinisin, ach ní raibh mianaigh d'aon chineál curtha ansin. Mar sin, madhmadh an muinisean de thimpiste le linn na gcathanna.