An difríocht idir athruithe ar: "Gramadach na Gaeilge"

Content deleted Content added
Líne 5:
===Brollach===
 
Sa [[Ghaeilge]], tagann an [[aidiacht]] sna sálaí ag an ainmfhocal: ''guth binn'' (nó ''guth bhinn'', i nGaeilge Chúige [[Mumhan]]), ''bean shaibhir'', ''uisce glan''. Is féidir, áfach, úsáid na réimíre a bhaint as na haidiachtaí uaireanta, go háirithe i stíl fhileata: ''binnghuth'', ''glanuisce''. Ar ndóigh, séimhítear an t-ainmfhocal i ndiaidh na haidiachta i bhfocail chomhshuite den chineál seo.
 
Tá réimíreanna ar leith ann nach n-úsáidtear riamh mar fhocail neamhspleácha, siúd is go bhfuil ciall aidiachta ag dul leo. Is iad ''dea-'' agus ''droch-'' an dá réimír is tábhachtaí acu. Is ionann ''dea-fhear'' agus fear maith, agus is ionann ''drochdhuine'' agus duine dona nó duine olc, ach is féidir difríocht áirithe a aithint idir "duine olc" agus "drochdhuine": i bhfocail chomhshuite cosúil le "drochdhuine", tá an t-olcas níos cóngaraí do nádúr do-athraithe an duine. Tá an méid sin soiléir ar an dóigh a n-úsáidtear sa choimhthéacs gramadaí iad: ''tá an duine seo go holc'' (an briathar ''tá'', a úsáidtear le hainmfhocal a cheangal d'aidiacht), ach ''is drochdhuine é seo'' (an chopail, a úsáidtear le hainmfhocail agus forainmneacha a cheangal dá chéile). .