An difríocht idir athruithe ar: "Gramadach na Gaeilge"

Content deleted Content added
Líne 53:
Má bhaintear úsáid as foirm thabharthach an ainmfhocail, áfach, ní mór an aidiacht a chur i bhfoirm den chineál sin freisin. Ní fheicfeá foirmeacha tabharthacha den chineál sin ach sa litríocht Ultach inniu, agus ní bhíonn foirmeacha speisialta tabharthacha ach amháin ag ainmfhocail bhaininscneacha. Is é an dóigh a gcruthaítear na foirmeacha seo ná go gcaolaítear consan deiridh an ainmfhocail agus na haidiachta: ''tá teach mór ag an bhaintrigh bhig'' (in áit ''tá teach mór ag an bhaintreach bheag'', de réir an chórais Ultaigh, nó ''tá teach mór ag an mbaintreach bheag'', de réir an chórais eile). Cuimhnigh ar fhoirm neamhrialta an ainmfhocail ''bean'', is é sin, ''mnaoi'': ''tá teach mór ag an mhnaoi bhig'' (in áit ''tá teach mór ag an bhean bheag'', de réir an chórais Ultaigh, nó ''tá teach mór ag an mbean bheag'', de réir an chinn eile).
 
Is ar éigean a chaithfidh tú na foirmeacha speisialta tabharthacha sin a úsáid go gníomhach i nGaeilge an lae inniu, ach tiocfaidh sé isteach áisiúil iad a aithint agus a thuiscint ag an té a bheidh ag léamh leabhar le [[Séamus Ó Grianna]], cuir i gcás.
 
===An Bhreischéim is an tSárchéim===