An difríocht idir athruithe ar: "An Daingean"
Content deleted Content added
Luckas-bot (plé | dréachtaí) m róbat ag suimiú: ru:Дингл (город) |
m róbat ag suimiú: fi:Dingle; cosmetic changes |
||
Líne 13:
}}
[[Baile]] is ea '''an Daingean''' nó '''Daingean Uí Chúis''' (''Dingle'' i m[[Béarla]]) atá suite in iarthar [[Gaeltacht|Ghaeltacht]] [[Contae Chiarraí|Chiarraí]] in [[Éire|Éirinn]]. Is é an Daingean an baile is mó i n[[Gaeltacht Chorca Dhuibhne]] agus an baile Gaeltachta is mó sa tír.
== An baile ==
Tá oifigí [[Gaelsaoire]] suite sa bhaile agus tá ionad [[Ollscoil na hÉireann, Gaillimh|Ollscoil na Gaillimhe]] á oscailt sa cheantar go luath.
Tá ceannáras na Mumhan d’Údarás na Gaeltachta suite i nDaingean Uí Chúis agus cabhraíonn an t-Údarás le gnóthanna éagsúla.
Reachtáltar nithe éagsúla traidisiúnta eile sa cheantar, mar shampla An Dreoilín, Paráid Maidne Lae Phádraig, Ráiseanna Capall Dhaingean Uí Chúis, an Rigeaite, Beannú na mBád, Teaspántas Talmhaíochta, Banna Fíofa agus Druma, agus ar uile.
== Ainm ==
D'éirigh aighneas sa bhaile i [[2005]] maidir le hainm Béarla an bhaile a ligeadh i léig agus an t-ainm [[Gaeilge]] a úsáid i nGaeilge agus i mBéarla. D'fhógair an t[[Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta|Aire Gnóthaí Gaeltachta]], [[Éamon Ó Cuív]], nach mbeadh logainmneacha galldaithe (ar nós 'Dingle') á n-úsáid a thuilleadh ar cuaillí eolais oifigiúla, agus athraíodh ainm an bhaile go Gaeilge i dtús na bliana 2005. Is conspóideach an socrú é seo sa bhaile ós rud é go bhfuil an [[turasóireacht]] mar phríomhthionscal sa cheantar, agus tá imní ar roinnt daoine go gcuirfear turasóirí amú agus iad ag lorg ar an Daingean; tá sráidbhaile eile i g[[Contae Uíbh Fhailí]] darb ainm [[An Daingean, Uíbh Fháilí|an Daingean]] (nó ''Daingean'' as Béarla). Mhol an t-Aire Ó Cuív go bhféadfaidh le muintir an bhaile an t-ainm a athrú ar ais go Béarla le phobalbhreith a chomhlíonadh, ach bheadh sé orthu a stádas Gaeltachta, agus an cúnamh eacnamaíoch a ghabhann leis, a chailleadh ag an am céanna.
== Bailte fearainn ==
[[
* Daingean Uí Chúis
* An Choill
* Fearann na Cille
* Fearann Uí Fhlaithbheartaigh
* An Gróbh
* Gort Onóra
* Fearann
* Imleach Thiar
== Stair ==
Téann stair Dhaingean Uí Chúis i bhfad siar.
I rith na [[An Mheánaois|Meánaoise]] bhí an baile ar cheann de na príomhbhailte in iardheisceart na hÉireann mar gheall ar a chalafort.
Dódh Daingean Uí Chúis go talamh cúpla uair, sa bhliain 1316 ag Diarmuid Mac Cárthaigh agus aríst sa bhliain 1580 ag Iarla Urmhumhan.
Ré thábhachtach i stair an cheantair ab ea an 16ú céad ach ba le linn na tréimhse seo chomh maith is mó a bheir cruatan ar phobal na háite.
Níor tháinig trádáil an bhaile teacht chuige féin arís go dtí an 18ú céad.
Sa bhliain 1829, tháinig Siúracha na Toirbhirte i mbun scolaíochta sa bhliain 1848 bunaíodh Meánscoil na mBráthar.
I lár na haoise sin, bhuail [[an Drochshaol]] buile marfach ar phobal an cheantair de bharr gur theip ar an bpráta.
Bunaíodh craobh de [[Cumann Lúthchleas Gael|Chumann Lúthchleas Gael]] i nDaingean Uí Chúis sa bhliain 1888.
Tugadh aitheantas oifigiúil Gaeltachta do Dhaingean Uí Chúis sa bhliain 1926 agus sa bhliain 1956 deineadh athdhaingniú ar an stádas sin.
Bhuaigh an Daingean an phríomhdhuais i gComórtas Ghlór na nGael 1980 – 81 fé stiúir an chathaoirligh Jed Budhlaeir.
[[Catagóir:Bailte i gContae Chiarraí|Daingean, An]]
Líne 67:
[[es:Dingle]]
[[eu:Dingle]]
[[fi:Dingle]]
[[fr:Dingle]]
[[gl:Dingle - An Daingean]]
|