An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Coileáin"
Content deleted Content added
Líne 40:
Cé go raibh sé gnóthach cheana féin, fuair sé tuilleadh dualgaisí le comhlíonadh, nuair a rinne Éamon de Valera Aire Airgeadais de sa bhliain 1919.
Bhí an tír ar barr lasrach le cogadh cruálach, agus
Scéal eile ar fad ab ea é scéal an Airgeadais, agus an Coileánach ag freastal air. Bhí seisean agus a fhoireann ábalta móreisiúint bannaí stáit a chóiriú le bun a chur le státchiste na Poblachta. Chuaigh scéal na hiasachta náisiúnta seo a fhad le [[Léinín]], agus chuir seisean toscaire go hÉirinn le slám airgid a fháil ar iasacht ó na hÉireannaigh chun [[an phoblacht Shóivéadach]] s'aige féin a mhaoiniú. Thairg Léinín roinnt seoda de chuid Choróin na
An té a chaithfidh súil ar ais ar a ndearna an Coileánach, tiocfaidh iontas an domhain air i bhfianaise na n-iléachtaí sin. D'fhruiligh an Coileánach scuad feallmharfóireachta, "An Dáréag", le spiairí de chuid na Sasanach a mharú. Chóirigh sé an "[[Iasacht Náisiúnta]]". Bhí sé ag coinneáil na nÓglach ag imeacht, agus nuair a bhí
B'iad an Coileánach agus [[Risteard Ó Maolchatha]] príomheagraithe na nÓglach, a fhad is a bhí sé indéanta ar aon nós ord agus eagar a choinneáil ar dhíormaí scaipthe treallchogaíochta den chineál sin. Is gnách a rá gurbh é an Coileánach a d'eagraigh na Colúin Reatha le linn Chogadh na Saoirse, ach ar ndóighe, ní fhéadfadh sé a leithéid de rud a chur i gcrích gan chuidiú ó dhaoine eile.
Líne 50:
Bhí an-lámh aige san obair seo, ach b'é [[Risteard Mac Aodha]] an príomheagraí. Ní ba déanaí, chuir na Sasanaigh Mac Mhic Aodha chun báis mar dhíoltas i ndiaidh [[Domhnach na Fola (1920)|Dhomhnach na Fola 1920]]. Thairis sin, bhí na hÓglaigh go mór mór i dtuilleamaí na gceann feadhna áitiúil, beag beann ar an gCoileánach agus ar an Maolchathach.
Sa bhliain [[1920]], an bhliain chéanna a shlánaigh an Coileánach tríocha bliain d'aois, bhí na Sasanaigh ag tairiscint deich míle punt airgid (ba mhillteanach an slám airgid é san am) ar gach eolas a chabhródh leo Mícheál Ó Coileáin a ghabháil nó a mharú.
I measc na gceannairí náisiúnta, d'éirigh ina naimhdeas idir eisean agus beirt fhear ar leith: [[Cathal Brugha]], an tAire Cosanta, agus
Bhí Cathal Brugha in ainm a bheith ina Aire Cosanta. Fear dúthrachtach a bhí ann ceart go leor, ach ní raibh sé leath chomh héirimiúil leis an gCoileánach. Cé nach raibh Mícheál Ó Coileáin ach ina Aire Airgeadais, go hoifigiúil, is é an chuma a bhí ar na cúrsaí ná nach raibh de dheis ag Brugha a chuid cúraimí féin a fhreastal, agus an Coileánach á gcríochnú dó beag beann air féin.
Bhí
Nuair a tháinig [[an Sos Cogaidh]], hullmhaíodh comhdháil síochána idir [[Rialtas na Breataine Móire]] agus cinnirí na Poblachta nach bhfuair aitheantas idirnáisiúnta go fóill, ach amháin ón Aontas Sóivéadach, a bhí go mór mór in anás airgead iasachta ó na hÉireannaigh. Cé go raibh
I Mí Lúnasa sa bhliain 1921, d'athraigh an Dáil oifig
Ina áit sin, bhronn sé lánchumhacht ar thoscaireacht a chuir sé go Londain. Is é is brí leis an "lánchumhacht" ná go raibh sé ar chumas na dtoscairí seo conradh síochána a shíniú leis na Gaill gan faomhadh a fháil roimh ré uaidh féin. B'iad Art Ó Gríofa agus Mícheál Ó Coileáin a chuaigh i gceannas ar an toscaireacht. Bhí an Coileánach iontach míshásta leis an gcomhairle seo, nó is é an tuairim a bhí aige féin ná gur chóir do Dev féin na cúrsaí seo a phlé leis na Sasanaigh. Ina dhiaidh sin is uile, thoiligh sé dul go Londain.
|