An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Coileáin"

Content deleted Content added
Líne 44:
Scéal eile ar fad ab ea é scéal an Airgeadais, agus an Coileánach ag freastal air. Bhí seisean agus a fhoireann ábalta móreisiúint bannaí stáit a chóiriú le bun a chur le státchiste na Poblachta. Chuaigh scéal na hiasachta náisiúnta seo a fhad le [[Léinín]], agus chuir seisean toscaire go hÉirinn le slám airgid a fháil ar iasacht ó na hÉireannaigh chun [[an phoblacht Shóivéadach]] s'aige féin a mhaoiniú. Thairg Léinín roinnt seoda de chuid Choróin na [[Rúis]]e Impiriúla mar chúlbhannaí. Fágadh na seoda seo i dtaisce go dtí na tríochaidí, agus iad ligthe i ndearmad ag cách. Sa deireadh, thángthas orthu de thaisme.
 
An té a chaithfidh súil ar ais ar a ndearna an Coileánach, tiocfaidh iontas an domhain air i bhfianaise na n-iléachtaí sin. D'fhruiligh an Coileánach scuad feallmharfóireachta, "An Dáréag", le spiairí de chuid na Sasanach a mharú. Chóirigh sé an "[[Iasacht Náisiúnta]]". Bhí sé ag coinneáil na nÓglach ag imeacht, agus nuair a bhí de Valera ag taisteal na [[na Stát Aontaithe]], b'éigean dó an chuid ba mhó de chúrsaí an rialtais a chomhordnú thar thréimhse fhada. Thairis sin, chaithfeadh sé airm a smuigleáil isteach le haghaidh na nÓglach. D'fhéadfá a rá gur réabhlóid aonair ab ea é an fear féin.
 
B'iad an Coileánach agus [[Risteard Ó Maolchatha]] príomheagraithe na nÓglach, a fhad is a bhí sé indéanta ar aon nós ord agus eagar a choinneáil ar dhíormaí scaipthe treallchogaíochta den chineál sin. Is gnách a rá gurbh é an Coileánach a d'eagraigh na Colúin Reatha le linn Chogadh na Saoirse, ach ar ndóighe, ní fhéadfadh sé a leithéid de rud a chur i gcrích gan chuidiú ó dhaoine eile.