An difríocht idir athruithe ar: "Cathal Ó Sándair"

scríbhneoir Éireannach
Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 13:42, 17 Meitheamh 2006

1922-1996. Scrbhneoir Gaeilge. Áirítear gur scríobh sé timpeall 160 leabhar, eachtraí gearra don óige a bhformhór. Rugadh é i Weston-super-mare, Sasana ar an 15 Iúíl 1922, mar le dornálaí darbh ainm Simon "Darkey" Saunders, agus le Florence Elliot as Baile Átha Cliath. Bhí triúr deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Cathal;l duine acu an dornálaí clúiteach Jack a bhuaigh craibh na hÉireann i meáchain éagsúla i 1937 agus 1938. D'airstigh an teaghlach go hÉirinn agus chuaigh Simon Saunders isteach in arm an tSaorstáit. Chaith sé seal mar thiománaí ag an Aire Kevin O'Higgins.

Fuair Cathal a chuid meánoideachais i Sráid Synge leis na Bráithre Críostaí. Fiú agus é sa bhunscoil bhí spéis ag Cathal sa Ghaeilge agus cuireadh chun na Gaeltachta é agus é deich mbliana d'aois. Scríobh sé gearrscéal Gaeilge a foilsíodh in iris óige na mBráithre, Our Boys, ag aois a sé bliana déag. Chuaigh sé isteach san Aerchór tar éis dó an scoil a fhágáil agus chaith sé na blianta ina dhiaidh sin ag obair mar státsseirbhíseach. Bhí sé ag scríobh don pháipéar nuachta Inniu agus gníomhach i nGlún na Bua.

Foilsíodh a chéad leabhar do pháistí, Tríocha Píosa Airgid, i 1942, agus thosaigh sé ar shraithe de scéalta bleachtaireachta le Na Mairbh a d'Fhill i 1943. Tuairim is céad leabhar a scríobh sé faoin mbleachtaire Reics Carló agus bhí díol an-mhór orthu ar feadh breis agus fiche bliain. Bhí sraitheanna eile ag freisin, faoi shirriam in Iarthar Fhián Mheiriceá, Réamonn Óg, an spástaistealaí an Captaen Spéirling agus laochra eile. D'éirigh sé as a phost i 1953 agus chuaigh leis an scríbhneoireacht go lánaimseartha, an t-aon scríbhneoir Gaeilge dáiríre ar éirigh leis é sin a dhéanamh. Ach tar éis deich mbliana de sclábhaíocht a bhain leis sin chuaigh sé ar ais sa státseirbhis ina oifigeach custaim.

Bhí sé pósta le Máire McGeown as Ard Mhacha agus bhí ceathrar clainne acu. Fuair sé bas ar an 18 Feabhra 1996.