An difríocht idir athruithe ar: "Glúin na Buaidhe"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
Eagraíocht náisiúnaíoch fhíor-Ghaelach sna [[1940í]] in [[Éirinn]] a bhí i
Is deacair breithiúnas ceart a thabhairt ar an nGlúin inniu. Ó thaobh amháin, bhí blas an antoisceachais ar an náisiúnachas a bhí mar réalt eolais ag lucht ceannais na Glúine. B'é an radacachas sainiúil Éireannach é ina n-aontaítear an náisiúnachas, an Caitliceachas, an Poblachtachas agus, fiú, cineál Sóisialachais. Ón taobh eile, is léir go ndearna an Ghlúin éacht ag eagrú daoine óga ar son chúis na Gaeilge: ar obair na Glúine, nó ar obair Chraobh na hAiséirí, a d'fhás an iris fhadsaolach úd ''[[Inniu (iris)|Inniu]]'', chomh maith leis an teach foilsitheoireachta ''Foilseacháin Náisiúnta Teoranta'' ([[FNT]]).
Cibé scéal é, ní raibh fad saoil i ndán do Ghlúin na Buaidhe féin. An chuid ba mhó den bhallra, d'fhill siad go ciúin ar an gConradh cupla bliain i ndiaidh na scarúna. B'é meon deachtóra an Chuinneagánaigh a chaill an Ghlúin, mar eagraíocht. Fear fuinniúil a bhí ann a rinne cuid mhaith ar son na teanga a fhad is a bhí srianta leis, ach nuair a bhí sé i gceannas ar a eagraíocht féin, chuaigh sé thar fóir.
|