An difríocht idir athruithe ar: "Cathal Ó Sándair"

Kevin Higgins -> Caoimhín Ó hUiginn
(nasc a bhí briste; tá sé ag obair anois)
(Kevin Higgins -> Caoimhín Ó hUiginn)
1922-1996. Scrbhneoir Gaeilge. Áirítear gur scríobh sé timpeall 160 leabhar, eachtraí gearra don óige a bhformhór. Rugadh é i Weston-super-mare, [[Sasana]] ar an 15 Iúíl 1922, mar le dornálaí darbh ainm Simon "Darkey" Saunders, agus le Florence Elliot as Baile Átha Cliath. Bhí triúr deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Cathal;l duine acu an dornálaí clúiteach Jack a bhuaigh craibh na hÉireann i meáchain éagsúla i 1937 agus 1938. D'airstigh an teaghlach go hÉirinn agus chuaigh Simon Saunders isteach in arm an tSaorstáit. Chaith sé seal mar thiománaí ag an Aire [[KevinCaoimhín O'HigginsÓ hUiginn]].
 
Fuair Cathal a chuid meánoideachais i Sráid Synge leis na [[Bráithre Críostaí]]. Fiú agus é sa bhunscoil bhí spéis ag Cathal sa Ghaeilge agus cuireadh chun na Gaeltachta é agus é deich mbliana d'aois. Scríobh sé gearrscéal Gaeilge a foilsíodh in iris óige na mBráithre, Our Boys, ag aois a sé bliana déag. Chuaigh sé isteach san Aerchór tar éis dó an scoil a fhágáil agus chaith sé na blianta ina dhiaidh sin ag obair mar státsseirbhíseach. Bhí sé ag scríobh don pháipéar nuachta [[Inniu]] agus gníomhach i n[[Glúin na Buaidhe]].