An difríocht idir athruithe ar: "Stair na Gearmáine"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: fy:Skiednis fan Dútslân; cosmetic changes
Líne 1:
Is é is brí le '''stair na Gearmáine''' ná an t-eolas atá ar fáil sna foinsí liteartha faoi shaol na [[An Ghearmáin|Gearmáine]] fadó agus faoi na himeachtaí a chuir cor i gcinniúint a muintire.
 
== Réamhstair ==
Téann an fhianaise is sine dá bhfuil le fáil taobh istigh de chríocha na [[An Ghearmáin|Gearmáine]] inniu timpeall is seacht gcéad míle bliain siar. Glactar leis gur bunaíodh an chéad bhuanáitreabh corradh is cúig chéad míle bliain ó sin. Tá an [[Néandartálach]] ainmnithe as an ngleann úd Neandertal i [[Mettmann]] idir [[Wuppertal]] agus [[Düsseldorf]], ós ansin a fuarthas na chéad iarsmaí den chineál seo duine. Tríocha míle nó dhá scór míle bliain ó sin, áfach, chúlaigh na Néandartálaigh ó dheas le teacht slán ón aimsir a bhí ag dul i bhfuacht - murab ea gurbh éigean dóibh glanadh leo roimh theacht an duine nua-aimseartha, ''[[Homo sapiens sapiens]]''. I dtréimhse dheireanach na oighearaoise, d'iompaigh an Ghearmáin ina tundra, agus shroich leac oighir an Phoil Thuaidh síos go tuaisceart Niedersachsen. Mar sin, creidtear go raibh an tír bánaithe ar fad i lár na tréimhse ''Aurignacien'', agus níor tháinig mórán áitribh ar an bhfód roimh dheireadh [[An Chlochaois|na clochaoise]] pailéilití. Sa chlochaois neoiliteach a d'fhorbair an talmhaíocht, agus thosaigh an beostoc ag éirí coitianta. Shocraigh na daoine síos agus d'éirigh siad as an bhfánaíocht. Tá roinnt bheag iarsmaí fánacha fágtha ón tréimhse seo. Is í an fhionnachtain is suimiúla acu go léir ná "diosca spéire Nebra". Is éard atá ann ná diosca miotail a bhfuil pictiúr órga de réaltaí na spéire air. Tugann an deismireán cré-umhaoisiúil le fios go raibh réalteolaíocht phrimitíbheach nó astralaíocht de chineál éigin á cleachtadh anseo chomh luath le dhá mhíle bliain roimh bhreith [[Críost|Chríost]].
 
== Conas a tháinig na Gearmánaigh chun saoil ==
Sa chlochaois neoiliteach agus sa chré-umhaois, shocraigh daoine ó chultúr na potadóireachta línithe, chultúr na potadóireachta cordaithe agus chultúr an eascra síos san áit a bhfuil an Ghearmáin inniu. De réir a chéile a d'fhorbair treibheacha éagsúla a raibh teangacha Ind-Eorpacha á labhairt acu. Tháinig na treibheacha seo ar an bhfód de thoradh an dóigh a raibh an mhuintir isteach agus na bundúchasaigh á meascadh trí chéile. Bhaist údair na [[An tSean-Róimh|sean-Róimhe]] "Gearmánaigh" ar cheann de na treibheanna seo. Thairis sin, bhí idir Cheiltigh agus Shlavaigh ann, chomh maith le "bloc an Iarthuaiscirt" - is é sin, treibheacha Ind-Eorpacha nach raibh inaicmithe in aon cheann den trí phríomhghrúpa sin. Chuaigh "bloc an Iarthuaiscirt" leis an nGearmánachas ó thaobh na teanga de timpeall ar bhreith Chríost.
 
Líne 13:
As na dreamanna seo go léir a fáisceadh an náisiún Gearmánach. Bhí an chuid ba mhó de na Gearmánaigh ag labhairt Gearmáinise riamh (cé gur mhair cuid mhór de mhuintir an Oirthir ag labhairt canúintí Slavacha ar feadh i bhfad, fiú nuair a dhearc siad orthu féin mar Ghearmánaigh). San am chéanna, d'fhág cultúr na Róimhe an-lorg ar an nGearmáin ó thús báire.
 
== Seanársaíocht ==
 
Roimh theacht na Críostaíochta, rinne scríbhneoirí Gréagacha agus Rómhánacha tagairtí do na treibheacha Ceilteacha agus Gearmánacha ó am go ham. Timpeall na bliana 500 RC bhí na Ceiltigh ina gcónaí i ndeisceart na Gearmáine agus na treibheacha a raibh canúintí Gearmáinice á labhairt acu sa tuaisceart. I rith na gcéadta bliain tháinig na Gearmánaigh ó dheas (nó ghlac na Ceiltigh leis an teanga uathu), agus faoin am ar rugadh Críost ba í an Danóib an teorainn, a bheag nó a mhór, idir Ceiltigh agus Gearmánaigh. San am seo, tháinig focail iasachta ón gCeiltis go dtí an Ghearmáinic, go háirithe ainmneacha áiteanna agus aibhneacha.
Líne 19:
Ón mbliain 58 RC go dtí an bhliain 455 AD (a bheag nó a mhór), bhí Impireacht na Róimhe i seilbh na dtailte taobh thiar den Réin agus taobh theas den Danóib, agus iad á rialú mar phroibhinsí Rómhánacha. Sna blianta 80-260 AD, bhí na Rómhánaigh i gceannas ar chuid de Hessen (Wetterau) agus ar an gcuid is mó de Baden-Württemberg taobh theas den ''Limes'' (teorainn dhaingnithe Impireacht na Róimhe in éadan na dtreibheacha Gearmánacha. Na codanna de Ghearmáin an lae inniu a bhí sealbhaithe ag Impireacht na Róimhe san am sin, bhí siad roinnte idir trí phroibhinse Rómhánacha: ''Germania Superior'', ''Germania Inferior'', agus ''Raetia''. Bhunaigh na Rómhánaigh cathracha sa chuid den Ghearmáin a bhí acu: [[Trier]] (''Augusta Treverorum''), [[Köln]] (''Colonia Agrippina''), [[Bonn]] (''Bonna''), [[Worms]] (''Borbetomagus'') agus [[Augsburg]] (''Augusta Vindelicorum''). Áirítear na cathracha seo ar na cathracha is sine i nGearmáin an lae inniu. Faoi cheannas na Rómhánach, tháinig cuma nua ar an bhfoirgneoireacht agus ar na ceirdeanna, agus tionchar ag a gcuid nuálacha ar shaol an lae inniu féin. Leis na teorainneacha a chosaint, chuir na Rómhánaigh treibheacha cairdiúla Gearmánacha ina gcónaí sna proibhinsí. Tháinig daoine ón Iodáil féin le lonnú sa chuid Rómhánach den Ghearmáin. Sa bhliain 98, bhreac an scríbhneoir Rómhánach [[Publius Cornelius Tacitus|Tacitus]] síos stair na Gearmáine mar a thuig na Rómhánaigh í. Ba í ''Germania'' le Tacitus an chéad saothar litríochta inar cardáladh an t-ábhar seo ar aon nós.
 
== An Mheánaois ==
 
=== An Mheánaois Luath ===
 
Bhí a lán treibheacha Gearmánacha ag tabhairt aghaidhe ar an Deisceart ón gcéad aois AD i leith, ach nuair a tháinig na Hunaigh sa bhliain 375, thosaigh Imirce Mhór na Náisiún, an ''Völkerwanderung'', i gceart. Shroich an imirce seo a buaicphointe sa chúigiú haois, agus sa bhliain 476, thit an tóin as Impireacht na Róimhe Thiar faoi bhrú na dtreibheacha Gearmánacha. Chuaigh cuid mhór treibheacha Gearmánacha a fhad le Deisceart na hEorpa agus Tuaisceart na hAfraice. D'fhág siad tailte folmha ina ndiaidh, agus tháinig na Slavaigh in áit na nGearmánach. Taobh thoir den [[An Eilbe|Eilbe]], bhí canúintí Slavacha á labhairt chomh forleathan sa Mheánaois agus gur bhaist na staraithe ''Germania Slavica'' ar an gcuid seo den Ghearmáin. Is dóigh leis na teangeolaithe go bhfuil sloinne Slavach ar dhuine as gach triúr Gearmánach inniu.
Líne 31:
I ndiaidh chríochdheighilt na bliana 843, thosaigh Ríocht na bhFranc ag titim as a chéile. Bhí Laoiseach Cráifeach (Gearmáinis: ''Ludwig der Fromme'', Fraincis: ''Louis le Pieux''), mac Shéarlais, in ann an stát a choinneáil le chéile go fóill. Cheap Laoiseach an mac ba sine aige, Lotár, mar ríchomharba. Fuair Lotár an chuid lárnach den ríocht, chomh maith le céimíocht an Impire. Fágadh Laoiseach Gearmánach an t-oirthear, agus tugadh an t-iarthar do Shéarlas Maol. Nuair a fuair clann mhac Lotáir bás, roinn Séarlas agus Laoiseach lárchuid na himpireachta eatarthu. I ndiaidh bhás Laoisigh sa bhliain 876, arís, roinn a chlann mhac féin ríocht an oirthir ina trí chuid eatarthu.
 
=== An Mheánaois Ard ===
 
=== Deireadh na Meánaoise ===
 
== Tús na Nua-Aoise ==
 
== "An Aois Fhada" - an Naoú hAois Déag ==
 
== Poblacht Weimar ==
:''Príomhalt: [[Poblacht Weimar]]''
 
== An Naitsíochas agus an Dara Cogadh Domhanda ==
:''Príomhailt: [[Naitsíochas]], [[An Dara Cogadh Domhanda]]''
 
== An Fhorghabháil ==
 
== Poblacht Chónasctha na Gearmáine (1949-1990) ==
 
== Daonphoblacht na Gearmáine (1949-1990) ==
 
== An Phoblacht Chónasctha ón mbliain 1990 ar aghaidh ==
 
 
Líne 79:
[[fo:Søga Týsklands]]
[[fr:Histoire de l'Allemagne]]
[[fy:Skiednis fan Dútslân]]
[[gl:Historia de Alemaña]]
[[he:היסטוריה של גרמניה]]