An difríocht idir athruithe ar: "An Liobáin"

Content deleted Content added
Woops!
No edit summary
Líne 41:
|glaochód=961
|fonótaí=}}
Is tír sa [[Meánoirthear|Mheánoirthear]] í '''an Liobáin''', agus í suite ar chósta thoir na Meánmhuire. Tá teoireannacha na Liobáine le h[[Iosrael]] sa dheisceart agus leis [[an tSiria]] san oirthear agus sa thuaisceart. Is í an [[Araibis]] an teanga oifigiúil agus an teanga is mó a labhraítear. Is í [[Béiriút]] príomhchathair na tíre. Poblacht dhaonláthasach atá inti ina bhfuil ról tábhachtach ag na seicteanna éagsúla lena mbaineann muintir na tíre. Cé go raibh roinnt prionsacht uathrialach i Sliabh Liobáine ó dheireadh na séú haois déag i leith, faoi réim na nOttomanach, níor cruthaíodh an stát Liobánach mar atá inniu ann ach i 1920 nuair a dheighil na húdaráis Fhranacigh amach é ó na críocha Síriacha a tugadh dóibh faoi Shainordú Chonradh na Náisiún. Bhain an stát nua a neamhspleáchas amach sa bhliain 1943. D'fhulaing an Liobáin cogadh sibhialta fada agus millteanach ó 1975 go 1990, agus bhí cuid de faoi fhorghabháil mhíleata Iosraelach ó 1982 go 2000.
Is tír sa [[Meánoirthear|Mheánoirthear]] í '''an Liobáin''', agus í suite ar chósta thoir na Meánmhuire. Poblacht dhaonláthasach atá inti ina bhfuil ról tábhachtach ag na seicteanna éagsúla lena mbaineann muintir na tíre. B'iad na Críostaithe Márúnacha an tseict ba chumhachtaí nuair a cruthaíodh an Liobáin Mhór in 1920, agus iad i bhfábhar ag na húdaráis Fhrancacha. Faoin am chéanna b'iad na Muslamaigh Shunnacha an dara dream ó thaobh cumhachta de agus bhí an tríú áit ag na Muslamaigh Shíacha. B'iad na Críostaithe Caitliceacha Gréigeacha agus Ceartchreidmheacha Gréigeacha agus na Muslamaigh Dhrúsacha na grúpaí eile ba mhó tábhachta. Mar gheall ar sin cuireadh socrú polaitíochta, ar a dtugadh an Pact Náisiúnta, ar bun sna 1940í a gheall post Uachtarán na Poblachta do Chríostaí Marúnach, post Uachtarán Chomhairle na nAirí do Mhuslamach Sunnach, agus post Uachtarán na Parlaiminte do Mhuslamach Síach. Rinneadh socrú a scar suiocháin na Parlaiminte ar bhunús 6:5 idir na seicteanna Críostúla agus na seicteanna Muslamacha fosta. De réir a chéile tháinig nós i bhfeidhm maidir le scaradh postanna riaracháin agus postanna míleata de réir na seicte fosta. Tháinig athrú ar na socruithe seo i ndiaidh Chogadh Sibhialta na Liobáine a mhair ó 1975 go 1990, nuair a hathscaradh suíocháin na Parlaiminte ar bhunús cothrom idir Críostaithe agus Muslamaigh agus tugadh roinnt cumhachtaí a bhí ag Uachtarán na Poblachta roimhe don rialtas. Rinneadh a leithéid mar gheall ar an bhorradh suntasach a bhí tagtha ar chion na Muslamach, agus na Muslamach Síach go háirithe, sa daonra ó aontaíodh an Pact Náisiúnta an chéad uair.
 
Ionad tábhachtach don chultúr Arabach is ea an Liobáin. Roimh an Chogaidh Shibhialta mheall sí scríbhneoirí agus smaointeoirí ón domhan Arabach mar gheall ar an saoirse intleachtúil a bhí le blaiseadh inti, tráth a bhí deachtóireachtaí ag cur gréim ar an bhformhór de phoblachtaí eile an réigiúin. Bhí neart comhlachtái foilseoireachta agus preas beoga lonnaithe i mBéiriút agus bhí an chathair ina lárionad don cheol fosta. Go dtí tus an chogaidh, bhí sí ar na hionaid tráchtála ba thábhachtaí sa Mheanoirthear, le tionscnamh mór baincéireachta.
I dteannta an daonra Liobánach dúchasach tá thart faoi 400,000 Palaistíneach ina gcónaí sa Liobáin, an fórmhór mór acu teifigh a díbríodh óna dtír dhúchais nuair a bunaíodh Stát Iosrael sa bhliain 1948. Níl ach cearta an-teoranta acu agus ós rud é go bhfuil an fórmhór acu ina Muslamaigh agus iad uile, beag nó mór, i bhfábhar an náisiúnachais Araibigh, ní raibh na fórsaí polaitíochta Críostúla sásta ariamh na cearta céanna a thabhairt dóibh agus a tugadh do na teifigh Phalaistíneacha sa tSiria nó san Iordáin. Dá ainneoin sin, agus mar gheall ar laige an Stáit Liobánaigh, bhí Eagraíocht Fuascailte na Palaistíne in inmhe fórsa míleata suntasach a eagrú sa Liobáin ó dheireadh na 1960idí, rud a tháinig salach ar shocracht na tíre. D'éirigh na hairm Phalaistíneacha iná n-ábhar conspóide idir an eite chlé (Muslamach don chuid is mó agus báúil don náisiúnachas Arabach) agus an eite dheis (Márúnach don chuid is mó agus níos meaite ar fhéiniúlacht agus neamhspleáchas Liobánach), agus rinne Iosrael ruathair ar an Liobáin, cuid acu mar bhearta díoltais ar ionsaithe a rinne na Palaistínigh ar Iosrael óna mbunáiteanna sa tír. B'é ionsaí de chuid mhílíste Críostúil na Falangach, an 13 Aibreán 1975, ar bhus a bhí ag iompair sibhialach Palaistíneach ó agóid an chéad bheartas de Chogadh Sibhialta na Liobáine.
 
==An Córas Polaitiúil==
Tá teoireannacha na Liobáine le h[[Iosrael]] sa dheisceart agus leis [[an tSiria]] san oirthear agus sa thuaisceart. Is í an [[Araibis]] an teanga oifigiúil agus an teanga is mó a labhraítear. Is í [[Béiriút]] príomhchathair na tíre.
Is tír sa [[Meánoirthear|Mheánoirthear]] í '''an Liobáin''', agus í suite ar chósta thoir na Meánmhuire. Poblacht dhaonláthasach atá inti ina bhfuil ról tábhachtach ag na seicteanna éagsúla lena mbaineann muintir na tíre. B'iad na Críostaithe Márúnacha an tseict ba chumhachtaí nuair a cruthaíodh an Liobáin Mhór in 1920, agus iad i bhfábhar ag na húdaráis Fhrancacha. Faoin am chéanna b'iad na Muslamaigh Shunnacha an dara dream ó thaobh cumhachta de agus bhí an tríú áit ag na Muslamaigh Shíacha. B'iad na Críostaithe Caitliceacha Gréigeacha agus Ceartchreidmheacha Gréigeacha agus na Muslamaigh Dhrúsacha na grúpaí eile ba mhó tábhachta. Mar gheall ar sin cuireadh socrú polaitíochta, ar a dtugadh an Pact Náisiúnta, ar bun sna 1940í a gheall post Uachtarán na Poblachta do Chríostaí Marúnach, post Uachtarán Chomhairle na nAirí do Mhuslamach Sunnach, agus post Uachtarán na Parlaiminte do Mhuslamach Síach. Rinneadh socrú a scar suiocháin na Parlaiminte ar bhunús 6:5 idir na seicteanna Críostúla agus na seicteanna Muslamacha fosta. De réir a chéile tháinig nós i bhfeidhm maidir le scaradh postanna riaracháin agus postanna míleata de réir na seicte fosta. Tháinig athrú ar na socruithe seo i ndiaidh Chogadh Sibhialta na Liobáine a mhair ó 1975 go 1990, nuair a hathscaradh suíocháin na Parlaiminte ar bhunús cothrom idir Críostaithe agus Muslamaigh agus tugadh roinnt cumhachtaí a bhí ag Uachtarán na Poblachta roimhe don rialtas. Rinneadh a leithéid mar gheall ar an bhorradh suntasach a bhí tagtha ar chion na Muslamach, agus na Muslamach Síach go háirithe, sa daonra ó aontaíodh an Pact Náisiúnta an chéad uair.
 
==Na Palaistínigh sa Liobáin==
I dteannta an daonra Liobánach dúchasach tá thart faoi 400,000 Palaistíneach ina gcónaí sa Liobáin, an fórmhór mór acu teifigh a díbríodh óna dtír dhúchais nuair a bunaíodh Stát Iosrael sa bhliain 1948. Níl ach cearta an-teoranta acu agus ós rud é go bhfuil an fórmhór acu ina Muslamaigh agus iad uile, beag nó mór, i bhfábhar an náisiúnachais Araibigh, ní raibh na fórsaí polaitíochta Críostúla sásta ariamh na cearta céanna a thabhairt dóibh agus a tugadh do na teifigh Phalaistíneacha sa tSiria nó san Iordáin. Dá ainneoin sin, agus mar gheall ar laige an Stáit Liobánaigh, bhí Eagraíocht Fuascailte na Palaistíne in inmhe fórsa míleata suntasach a eagrú sa Liobáin ó dheireadh na 1960idí, rud a tháinig salach ar shocracht na tíre. D'éirigh na hairm Phalaistíneacha iná n-ábhar conspóide idir an eite chlé (Muslamach don chuid is mó agus báúil don náisiúnachas Arabach) agus an eite dheis (Márúnach don chuid is mó agus níos meaite ar fhéiniúlacht agus neamhspleáchas Liobánach), agus rinne Iosrael ruathair ar an Liobáin, cuid acu mar bhearta díoltais ar ionsaithe a rinne na Palaistínigh ar Iosrael óna mbunáiteanna sa tír. B'é ionsaí de chuid mhílíste Críostúil na Falangach, an 13 Aibreán 1975, ar bhus a bhí ag iompair sibhialach Palaistíneach ó agóid an chéad bheartas de Chogadh Sibhialta na Liobáine.
 
==Neamhspleáchas agus gaolta eachtranacha==
Chruthaigh [[an Fhrainc]] an stát as an tSiria i 1920 agus bhain an Liobáin a neamhspleáchas amach sa bhliain 1943. Rinne Iosrael ionraithe i 1978 agus 1982, nuair a chuir siad léigear ar Bhéiriút. Choinnigh siad straice de dheisceart na tíre faoi fhorghabháil mhíleata go dtí 2000 nuair a tharraing siad amach faoi bhrú ón ghluaiseacht Shíach Hizbullah. Bhí forlámhas ag an tSiria ar chuid mhór den tír ó 1976 i leith, agus ar gach chuid de nach raibh faoin fhorghabháil Iosraelach ó dheireadh an Chogaidh Shibhialta sa bhliain 1990 go dtí 2005. I 2005 dúnmharaíodh iar-Uachtarán Chomhairle na nAirí Rafiq al-Hariri le buama, tar éis dó cur i gcoinne bheartas na Siriach fadú téarma a shocrú do Uachtarán na Poblachta Emíl Lahúd. Dúirt roinnt polaiteoirí Liobánacha gurbh iad na Sírigh a mharaigh an t-iar-Uachtarán agus mar gheall ar agóidí móra i mBéiriút agus brú idirnáisiúnta tharraing an tSiria a fórsaí armtha agus a seirbhísí slándála as an tír. Thug lucht tacaithe na n-agóidí ''Intifada an Neamhspleáchais'' orthu, agus bháistigh rialtas Mheiriceá, a thug tacaíocht dóibh, ''the Cedar Revolution'' orthu.