An difríocht idir athruithe ar: "An tSicil"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 25:
| colspan="2" |
|}
Is í '''an tSicil''' an t-oileán is mó sa [[An Mheánmhuir|Mheánmhuir]]. Ceann de réigiúin
== Tíreolaíocht na Sicile ==
[[Íomhá:Mount Etna snow-toppd.jpg|thumb|220px|left|Sliabh Etna]]
Tá an bolcán cáiliúil úd [[Sliabh Etna|Etna]] suite in oirthear na Sicile, cóngarach do chathair Catania. Tá Etna trí chiliméadar agus trí chéad
Tá roinnt mhaith oileán beag suite timpeall na Sicile, agus rialtas áitiúil an oileáin mhóir ag tabhairt aire dóibh: Oileáin Eolie, Oileáin Egadi, Oileán Pantellaria agus Oileán Ustica.
== Stair na Sicile ==
Líne 39:
=== Na Cogaí Púnacha ===
Sa dara cogadh Púnach, bhí ag éirí leis na
=== Cúlriasca na Róimhe ===
Líne 49:
=== Vandail agus Biosántaigh ===
Nuair a thosaigh Imirce Mhór na Náisiún ag stróiceadh Impireacht na Róimhe as a chéile, d'ionsaigh na treibheacha Teotanacha an tSicil freisin.
=== Arabaigh agus Normannaigh ===
Thóg sé níos mó ná céad bliain ar na hArabaigh (827-965) an tSicil iomlán a fhorghabháil, agus ina dhiaidh sin féin, níor fhan an t-oileán acu ach céad bliain. Ansin, ghlac na Normannaigh suim sa tSicil, san am céanna a raibh siad ag déanamh a ngabháltais ar go leor oileán Eorpach eile - an Bhreatain Mhór san áireamh. Bhí siad sásta, áfach, cead a gcultúir a fhágáil ag na hArabaigh áitiúla, i dtús báire ar a laghad, agus chuaigh an tArabachas go mór i bhfeidhm ar an tSicil. Maireann cuid mhór iasachtaí Araibise i gcanúint an oileáin inniu féin - an focal mícháiliúil sin ''
=== Feascar na Sicile ===
Sa bhliain 1194, thit an t-oileán le rítheaghlach Gearmánach Hohenstaufen, agus
Ní raibh na Siciligh sásta leis na Francaigh mar lucht ceannais, áfach. Bhí siad den bharúil
Tháinig Peadar a Trí, Rí na hAragóine, chun tarrthála do na ceannairceoirí ansin, agus shealbhaigh sé an t-oileán dá ríocht féin. Ba mar sin a thit an tSicil leis an Aragóin, agus nuair a chuaigh an tír sin sa Spáinn i ndeireadh na cúigiú haoise déag, rinneadh cúige Spáinneach den oileán freisin.
Líne 67:
San ochtú haois déag, thit an tSicil le Diúc Savoy ar dtús, agus ansin le rítheaghlach Hapsburg, is é sin, ríthe agus impirí na hOstaire. Ansin, áfach, rinne réabhlóid na Fraince agus cogaí Napoleon spior spear de mhapa na hEorpa. Nuair a tháinig maithe agus móruaisle na hilchríche le chéile i gComhdháil Vín sa bhliain 1815, rinne siad an-athroinnt ar na tailte, an tSicil ina measc. Is mar sin a bunaíodh Ríocht an Dá Shicil, sa bhliain 1816.
Tríd is tríd, is féidir a rá nach ndeachaigh blianta an Dá Shicil chun leasa an oileáin. Sa naoú haois déag a tháinig an drongchoirpeoireacht eagraithe - [[
=== An tSicil agus an Risorgimento ===
Ar an chéad lá déag den Bhealtaine 1860, chuaigh [[Giuseppe Garibaldi]], laoch an [[Risorgimento]] - is é sin, aontú na hIodáile - i dtír ag Marsala in éineacht le lucht a leanúna agus d'fhadaigh sé tine na ceannairce sa tSicil. Na hóglaigh a tháinig go dtí an tSicil - ''i Mille'', nó an Mhíle Fear, mar a thugtaí orthu - fuair siad cuidiú ó mhuintir an oileáin, agus roimh i bhfad, bhí Garibaldi i gceannas ar na sluaite móra d'fhir armtha. I ndiaidh cath a ghnóthú ag Calatafimi ar an tríú lá déag den Bhealtaine, thug Garibaldi aghaidh ar Phalermo. I ndiaidh an phríomhchathair a shealbhú, níor thóg sé mórán ama air fórsaí armtha rí Napoli a ghlanadh as an oileán.
=== Deamhan athrú - ach amháin chun donais? ===
Líne 79:
Níor chuir an Risorgimento an t-oileán i dtreo bisigh, áfach. Bhí Mafia ag dul chun cinn, agus an bochtanas ag goilliúint ar mhuintir an oileáin mar a bhí riamh. Bhí radacachas sóisialta á fhódú sa tSicil freisin, i bhfianaise éadóchas na ndaoine. Sa bhliain 1894, d'éirigh bolscaireacht na heagraíochta radacaí úd ''Fasci dei lavoratori'' i measc an lucht oibre chomh bagrach i súile an lucht rialtais is gur chuir siad an dlí míleata i bhfeidhm ar an tSicil.
Is beag athrú a tháinig ar na cúrsaí roimh dheachtóireacht [[Benito Mussolini|Bhenito Mussolini]]. Deachtóir faisisteach a bhí ann gan amhras, ach is dealraitheach go raibh sé ionraic ag iarraidh Mafia a chloí sa tSicil. An fear a chuir sé i gceannas ar phóilíní na Sicile, duine idéalach a bhí ann, agus é ag cur catha ar Mhafia go tréan. Mar sin, d'éirigh leis maolú éigin a dhéanamh ar mhursantacht na gcoirpeoirí. Ar an drochuair, bhí an locht céanna ar an bhfeachtas seo agus a bhí ar
Nuair a d'ionsaigh fórsaí na Stát Aontaithe agus na Breataine Móire an tSicil ar an deichiú lá de Mhí Iúil 1943, bhí na coirpeoirí sásta comhoibriú leis na hionsaitheoirí, agus mar sin, bhain
I ndiaidh an chogaidh, bronnadh rialtas cuimsitheach áitiúil ar an tSicil mar réigiún ar leith. Ar an drochuair, áfach, níor bhain an rialtas dúchais d'fhadhb na coirpeoireachta san oileán. Is iomaí sin duine cróga a chuir cath ar Mhafia sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, agus fanann a n-ainmneacha i mbéal an phobail i gcónaí - cosúil leis an nGinearál [[Carlo Alberto Dalla Chiesa]] agus leis na breithiúna [[Paolo Borsellino]] agus [[Giovanni Falcone]]. Tá an triúr acu ag iompar na bhfód leis na blianta anuas, áfach, ó mharaigh
== Cultúr na Sicile ==
Líne 101:
Tá canúint dá gcuid féin ag muintir na Sicile agus í chomh difriúil leis an Iodáilis chaighdeánaithe is gur féidir glacadh léi mar theanga ar leith. Tá an chanúint sin le cloisteáil ar fud na Sicile agus na n-oileán beag ina timpeall. Thairis sin, labhraítear canúintí gaolmhara i gcodanna de réigiúin [[Puglia]] agus [[Calabria]] ar an mórthír. Ar ndóigh, is féidir teacht trasna ar imirceánaigh ón tSicil i dtíortha móra an Bhéarla, na Stáit Aontaithe ach go háirithe, a bhfuil an teanga go líofa acu i gcónaí.
Fuair an tSicilis cuid mhaith focal ar iasacht ón nGréigis, ón Araibis, ón tsean-Fhraincis. Is deacair a rá, áfach, cathain a thosaigh sí á forbairt. Níl na teangeolaithe cinnte, ar mhair aon leagan den Laidin thruaillithe á labhairt nuair a bhí na hArabaigh i seilbh an oileáin, nó ar cuireadh an chéad síol leis an tSicilis i ndiaidh bhlianta an Arabachais. Tá sé sábháilte a rá nach bhfuil an tSicilis leath chomh sean leis an tSairdínis, ach mar sin féin, maireann
Ní úsáidtear mórán Sicilise i litríocht inniu, ach amháin ar mhaithe leis an gcanúnachas - le spíosra réigiúnach a chur leis an Iodáilis chaighdeánach. Ina dhiaidh sin féin, tá traidisiún liteartha ag an gcanúint a théann siar a fhad leis an dara nó an tríú haois déag. Sna blianta sin, bhí scoil filíochta ag cumadh dánta agus laoithe Sicilise san oileán in aithris ar fhilíocht na dtrúbadóirí i nDeisceart na Fraince.
Bhí an-tionchar ag an tSicilis ar an Máltais.
Níltear cinnte, an bhfuil mórán todhchaí i ndán don tSicilis, áfach. De réir mar atá an scoil ag cur na hIodáilise caighdeánaithe i mbéal na ndaoine óga, tá an tSicilis ag imeacht. Is dócha gurb é
=== Teangacha Eile na Sicile ===
|