An difríocht idir athruithe ar: "Cathal Ó Sándair"

Content deleted Content added
Catagóirí agus idirvicí
m Weston-super-mare --> Weston-super-Mare
Líne 1:
Scríbhneoir Gaeilge ab ea é '''Cathal Ó Sándair''' ([[15 Iúil]], [[1922]] - [[18 Feabhra]] [[1996]]). Áirítear gur scríobh sé timpeall 160 leabhar, eachtraí gearra don óige a bhformhór. Rugadh é i [[Weston-super-mareMare]], [[Sasana]], mac le dornálaí darbh ainm Simon "Darkey" Saunders, agus le Florence Elliot as Baile Átha Cliath. Bhí triúr deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Cathal. Ba duine acu an dornálaí clúiteach Jack a bhuaigh craobh na hÉireann i meáchain éagsúla sna blianta 1937 agus 1938. D'aistrigh an teaghlach go hÉirinn agus chuaigh Simon Saunders isteach in arm an t[[Saorstát Éireann|Saorstáit]]. Chaith sé seal mar thiománaí ag an Aire [[Caoimhín Ó hUiginn]].
 
[[Íomhá:Dúnmharbhú.jpg|deas|mion|150px|''Eachtraí Réics Carló'', Uimh. a Ceathair: ''Dúnmharbhú i bPáirc an Chrócaigh'' ([[1944]])]]Fuair Cathal a chuid meánoideachais i Sráid Synge leis na [[Bráithre Críostaí]]. Fiú agus é sa bhunscoil bhí spéis ag Cathal sa [[Gaeilge|Ghaeilge]] agus cuireadh chun na Gaeltachta é agus é deich mbliana d'aois. Scríobh sé gearrscéal Gaeilge a foilsíodh in iris óige na mBráithre, Our Boys, ag aois a sé bliana déag. Chuaigh sé isteach san [[An tAerchór|Aerchór]] tar éis dó an scoil a fhágáil agus chaith sé na blianta ina dhiaidh sin ag obair mar státseirbhíseach. Bhí sé ag scríobh don pháipéar nuachta [[Inniu]] agus gníomhach i n[[Glúin na Buaidhe]].