An difríocht idir athruithe ar: "Craobhchomórtas Sinsear na hÉireann sa Pheil"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 14:
 
==Formáid==
Imrítear craobh i ngach [[Cúigí na hÉireann|cúige]] in Éirinn]] (glacann Londain agus Nua Eabhrac páirt i g[[Cúige Chonnacht]]). Roimh [[2001]], chuaigh na buaiteoirí sna craobhacha seo díreach ar aghaidh go cluichí leathcheannais na hÉireann. Anois ní mór dóibh imirt i gcluichí ceathrú ceannais. Bíonn ar na foirne a chailleann cluiche i gcraobh na gcúigí cluichí a imirt eatarthu féin agus go dtí go bhfuil ceithre fhoireann fágtha le dul ar aghaidh go dtí na cluichí ceathrú ceannais, áit a imríonn siad in aghaidh na foirne a bhuaigh craobhacha na gcúigí. Leanann Craobh na hÉireann ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais.
 
Bíonn an cluiche ceannais ar siúl ar an Domhnach deireanach i mí Mheán Fómhair. Imríonn an dá fhoireann i gcoinne a chéile i b[[Páirc an Chrócaigh]], agus is é seo an cluiche is tábhachtaí agus an duais is mó sa spórt. Bíonn [[Uachtarán na hÉireann]], an [[Taoiseach]] agus daoine tábhachtacha eile ag freastal ar na himeachtaí freisin. Bronntar [[Corn Sam Mhic Uidhir]] ar an bhfoireann a bhuann cluiche ceannais na hÉireann. Tá níos mó craobhacha buaite ag foireann na ''Ríochta'' nó [[CLG Coiste Chontae Chiarraí|Contae Chiarraí]] ná foireann ar bith eile.