Tá '''Cúige Chonnacht''' nó '''Connachta''' in iarthar na h[[Éire]]ann. LaistiarTá sé suite laistiar den t[[An tSionainn|Sionainn]], an abhainn is mó sa tír, atá sé. Tá lárphointe an chúige gar do [[Cnoc_Mhuire|Chnoc Mhuire]], in oirthear [[Contae Mhaigh Eo|Chontae Mhaigh Eo]]. Is é an Maol Ré (814m), i ndeisceart Chontae Mhaigh Eo, an sliabh is airde ann. Tá an t-oileán is mó sa tír, [[Acaill]], ar an gcósta thiar. Nuair a bhí [[Oilibhéar Cromail|Cromail]] in Éirinn agus é ag díbirt na nGael siar, deirtear go ndúirt sé "go Connachta nó go hIfreann." Tá ceantair [[Gaeltacht|Gaeltachta]] i gContae na Gaillimhe agus i gContae Mhaigh Eo.