An difríocht idir athruithe ar: "An Liobáin"

Content deleted Content added
measaim go bhfuil na fadhbanna litrithe réitithe anois
nasc Otománach -->Impire Otománach
Líne 41:
|glaochód=961
|fonótaí=}}
Is tír sa [[Meánoirthear|Mheánoirthear]] í '''an Liobáin''', agus í suite ar chósta thoir na [[An Mheánmhuir|Meánmhuire]]. Tá teoireannacha na Liobáine le h[[Iosrael]] sa dheisceart agus leis [[an tSiria]] san oirthear agus sa thuaisceart. Is í an [[Araibis]] an [[teanga oifigiúil]] agus an teanga is mó a labhraítear. Is í [[Béiriút]] príomhchathair na tíre. Poblacht dhaonláthasach atá inti ina bhfuil ról tábhachtach ag na seicteanna éagsúla lena mbaineann muintir na tíre. Cé go raibh roinnt prionsacht uathrialach i Sliabh Liobáine ó dheireadh na [[16ú haois|séú haois déag]] i leith, faoi réim na n[[Impireacht_Otamánach|Otománach]], níor cruthaíodh an stát Liobánach mar atá inniu ann ach i 1920 nuair a dheighil na húdaráis [[An Fhrainc|Fhrancacha]] amach é ó na críocha Síriacha a tugadh dóibh faoi Shainordú Chonradh na Náisiún. Bhain an stát nua a neamhspleáchas amach sa bhliain 1943. D'fhulaing an Liobáin cogadh sibhialta fada agus millteanach ó 1975 go 1990, agus bhí cuid de faoi fhorghabháil mhíleata Iosraelach ó 1982 go 2000.
 
Ionad tábhachtach don chultúr Arabach is ea an Liobáin. Roimh an Chogaidh Shibhialta mheall sí scríbhneoirí agus smaointeoirí ón domhan Arabach mar gheall ar an tsaoirse intleachtúil a bhí le blaiseadh inti, tráth a bhí deachtóireachtaí ag cur gréim ar an fhormhór de phoblachtaí eile an réigiúin. Bhí neart comhlachtaí foilseoireachta agus preas beoga lonnaithe i mBéiriút agus bhí an chathair ina lárionad don cheol fosta. Go dtí tus an chogaidh, bhí sí ar na hionaid tráchtála ba thábhachtaí sa Mheánoirthear, le tionscnamh mór baincéireachta.