An difríocht idir athruithe ar: "An Liobáin"

Content deleted Content added
nasc Otománach -->Impire Otománach
mionathruithe
Líne 12:
|teangacha_oifigiúla=[[Araibis]]
|cineál_rialtais=[[Poblacht]]
|teidil_na_gceannairí=[[Uachtarán na Liobáine|Uachtarán na Poblachta]]<br />[[Príomhaire Rialtas na Liobáine|Uachtarán Chomhairle na nAirí]]
|ainmneacha_na_gceannairí=[[Michel Suleiman]]<br />[[Saad Hariri]]
|cineál_ardcheannais=[[Neamhspláchas]]
Líne 41:
|glaochód=961
|fonótaí=}}
Is tír sa [[Meánoirthear|Mheánoirthear]] í '''an Liobáin''', agus í suite ar chósta thoir na [[An Mheánmhuir|Meánmhuire]]. Tá teoireannacha na Liobáine le h[[Iosrael]] sa dheisceart agus leis [[an tSiria]] san oirthear agus sa thuaisceart. Is í an [[Araibis]] an [[teanga oifigiúil]] agus an teanga is mó a labhraítear. Is í [[Béiriút]] príomhchathair na tíre. Poblacht dhaonláthasach atá inti ina bhfuil ról tábhachtach ag na seicteanna éagsúla lena mbaineann muintir na tíre. Cé go raibh roinnt prionsacht uathrialach i Sliabh Liobáine ó dheireadh na [[16ú haois|séú haois déag]] i leith, faoi réim na n[[Impireacht_Otamánach|Otománach]], níor cruthaíodh an stát Liobánach mar atá inniu ann ach i 1920 nuair a dheighil na húdaráis [[An Fhrainc|Fhrancacha]] amach é ó na críocha Síriacha a tugadh dóibh faoi Shainordú [[Conradh_na_Náisiún|Chonradh na Náisiún]]. Bhain an stát nua a neamhspleáchas amach sa bhliain 1943. D'fhulaing an Liobáin cogadh sibhialta fada agus millteanach ó 1975 go 1990, agus bhí cuid de faoi fhorghabháil mhíleata Iosraelach ó 1982 go 2000.
 
Ionad tábhachtach don chultúr Arabach is ea an Liobáin. Roimh an Chogaidh Shibhialta mheall sí scríbhneoirí agus smaointeoirí ón domhan Arabach mar gheall ar an tsaoirse intleachtúil a bhí le blaiseadh inti, tráth a bhí deachtóireachtaí ag cur gréim ar an fhormhór de phoblachtaí eile an réigiúin. Bhí neart comhlachtaí foilseoireachta agus preas beoga lonnaithe i mBéiriút agus bhí an chathair ina lárionad don cheol fosta. Go dtí tus an chogaidh, bhí sí ar na hionaid tráchtála ba thábhachtaí sa Mheánoirthear, le tionscnamh mór baincéireachta.
 
==An Córas Polaitiúil==
B'iad na [[An_Chríostaíocht|Críostaithe]] Márúnacha an tseict ba chumhachtaí nuair a cruthaíodh an Liobáin Mhór in 1920, agus iad i bhfabhar ag na húdaráis Fhrancacha. Faoin am chéanna b'iad na [[Ioslam|Moslamaigh]] Shunnacha an dara dream ó thaobh cumhachta de agus bhí an tríú áit ag na Moslamaigh Shíacha. B'iad na Críostaithe Caitliceacha Gréigeacha agus Ceartchreidmheacha Gréigeacha agus na Moslamaigh Dhrúsacha na grúpaí eile ba mhó tábhachta. Mar gheall air sin cuireadh socrú [[polaitíocht]]a, ar a dtugadh an Pact Náisiúnta, ar bun sna 1940í a gheall post Uachtarán na Poblachta do Chríostaí Marúnach, post Uachtarán Chomhairle na nAirí do Mhoslamach Sunnach, agus post Uachtarán na Parlaiminte do Mhoslamach Síach. Rinneadh socrú a scar suíocháin na Parlaiminte ar bhunús 6:5 idir na seicteanna Críostúla agus na seicteanna Muslamacha fosta. De réir a chéile tháinig nós i bhfeidhm maidir le postanna riaracháin agus postanna míleata a scaradh de réir na seicte fosta. Tháinig athrú ar na socruithe seo i ndiaidh Chogadh Sibhialta na Liobáine a mhair ó 1975 go 1990, nuair a hathscaradh suíocháin na Parlaiminte ar bhunús cothrom idir Críostaithe agus Moslamaigh agus tugadh roinnt cumhachtaí, a bhí ag Uachtarán na Poblachta roimhe sin, don rialtas. Rinneadh a leithéid mar gheall ar an bhorradh suntasach a bhí tagtha ar chion na Moslamach sa daonra, agus cion na Moslamach Síach go háirithe, ó aontaíodh an Pact Náisiúnta an chéad uair.
 
==Na Palaistínigh sa Liobáin==
I dteannta an daonra Liobánaigh dhúchasaigh tá thart faoi 400,000 [[An Phalaistín|Palaistíneach]] ina gcónaí sa Liobáin, an formhór mór acu teifigh a díbríodh óna dtír dhúchais nuair a bunaíodh Stát Iosrael sa bhliain 1948. Níl ach cearta an-teoranta acu agus ós rud é go bhfuil an formhór acu ina [[Ioslam|Moslamaigh]] agus iad uile, beag nó mór, i bhfabhar an náisiúnachais Araibigh, ní raibh na fórsaí polaitíochta Críostúla sásta ariamh na cearta céanna a thabhairt dóibh agus a tugadh do na teifigh Phalaistíneacha sa tSiria nó san Iordáin. Dá ainneoin sin, agus mar gheall ar laige an Stáit Liobánaigh, bhí [[Eagraíocht Fuascailte na Palaistíne]] in inmhe fórsa míleata suntasach a eagrú sa Liobáin ó dheireadh na [[1960idí]], rud a tháinig salach ar shocracht na tíre. D'éirigh na hairm Phalaistíneacha iná n-ábhar conspóide idir an eite chlé (Moslamach don chuid is mó agus báúil don náisiúnachas Arabach) agus an eite dheis (Márúnach don chuid is mó agus níos meaite ar fhéiniúlacht agus neamhspleáchas Liobánach), agus rinne Iosrael ruathair ar an Liobáin, cuid acu mar bhearta díoltais ar ionsaithe a rinne na Palaistínigh ar Iosrael óna mbunáiteanna sa tír. B'é ionsaí de chuid mhílíste CríostúilCríostaí na [[Falange|bhFalangach]], an [[13 Aibreán]] [[1975]], ar bhus a bhí ag iompar sibhialtach Palaistíneach ó agóid an chéad bheartas de Chogadh Sibhialta na Liobáine.
 
==Neamhspleáchas agus gaolta eachtrannacha==
Chruthaigh [[an Fhrainc]] an stát as an tSiria i 1920 agus bhain an Liobáin a neamhspleáchas amach sa bhliain 1943. Rinne Iosrael ionraithe i 1978 agus 1982, nuair a chuir siad léigear ar Bhéiriút agus chuir siad d'iallach ar na fórsaí armtha Palaistíneacha an chathair a fhágáil. Choinnigh siadIosrael straice de dheisceart na tíre faoi fhorghabháil mhíleata go dtí 2000 nuair a tharraing siad amach faoi bhrú ón ghluaiseacht Shíach [[Hizbullah]]. Bhí forlámhas ag an tSiria ar chuid mhór den tír ó 1976 i leith, agus ar gach chuid de nach raibh faoin fhorghabháil Iosraelach ó dheireadh an Chogaidh Shibhialta sa bhliain 1990 go dtí 2005. I 2005 dúnmharaíodh iar-Uachtarán Chomhairle na nAirí Rafiq al-Hariri le buama, tar éis dó cur i gcoinne bheartas na Siriach fadú téarma a shocrú do Uachtarán na Poblachta Emíl Lahúd. Dúirt roinnt polaiteoirí Liobánacha gurbh iad na Sírigh a mharaigh an t-iar-Uachtarán agus mar gheall ar agóidí móra i mBéiriút agus brú idirnáisiúnta, tharraing an tSiria a fórsaí armtha agus a seirbhísí slándála as an tír. Thug lucht tacaithe na n-agóidí ''Intifada an Neamhspleáchais'' orthu, agus bháistigh rialtas Mheiriceá, a thug tacaíocht dóibh, ''the Cedar Revolution'' orthu.
 
[[Íomhá:Lebanese French flag.svg|thumb|left|An bratach Liobánach, roimh neamhspleáchas (1920-43)]]