An difríocht idir athruithe ar: "Béiriút"
Content deleted Content added
tuilleadh eolais |
No edit summary |
||
Líne 23:
Is í '''Béiriút''' ([[Araibis]]: بيروت, traslitriú: Bayrūt) [[príomhchathair]] agus príomhphort na [[An Liobáin|Liobáine]], agus is í an chathair is mó sa tír. Tá cónaí ar 1.2 milliún daoine sa chathair agus 2.1 milliún sa chúlchríoch.
Bhí Béiriút ar na hionaid chultúrtha agus tráchtála ba thábhachtaí sa Mheánoirthear ó lár na naoiú haoise déag i leith. Sa bhliain 1866
Ní hamháin muintir na Liobáine ó dhúchas a chuir le daonra na cathrach ach dhá ghluaiseacht mhór teifeach fosta: na hAirméanaigh a theith ó shléachtanna na nOtamánach sa bhliain 1915 agus a chuir faoi i dtuaisceart na cathrach, ag Burj Hammoud, agus na Palaistínigh a díbríodh óna n-áiteanna dúchais nuair a bunaíodh Stát Iosrael sa bhliain 1948 agus a chuir faoi i roinnt campaí ar a n-áiríodh Burj al-Barajneh, Karantina, Tell az-Zaatar, Sabra agus Chatila.
D'imir [[Cogadh Cathartha na Liobáine]] scrios ar chuid mhaith de Bhéiriút. Sa chogadh sin throid
D'fhulaing an chathair ruathair bhuamála Iosraelacha i mí Iúil agus i mí Lúnasa [[2006]] agus iad siúd ag iarraidh an ruaig a chur ar fhórsaí [[Hisbollah]] i ndeisceart na Liobáine. Rinneadh ionsaí ar aerfort Rafik Hariri ar an [[13ú Iúil]] agus dúnadh é go deireadh na comhraice.
|