An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Saoirse (Éire)"

Content deleted Content added
Líne 82:
Ar an gceathrú lá de Mhí Bhealtaine, d'fhág an tIRA corpán Thomáis Uí Shúilleabháin mar bhaoite do na péas ar ghruaimhín bóthair in aice le [[Ráth Mór]]. Seanfhear ochtó bliain d'aois a bhí ann agus é maraithe ag na hÓglaigh mar bhrathadóir. Nuair a tháinig na saighdiúirí dubha ag fiosrú, fuair ochtar fear acu bás sa teagmháil, agus níor tháinig ach aon duine amháin de na péas slán. Ansin, chuir na Sasanaigh cúig theach agus uachtarlann amháin trí thine mar éiric. Ceithre lá ina dhiaidh sin, rinne na hÓglaigh iarracht beirt saighdiúirí dubha a mharú in Oileán Chiarraí. Bhí na constáblaí seo ag filleadh abhaile i ndiaidh an Aifrinn, agus d'éirigh leis an IRA fear acu a mharú. An fear eile, áfach, fágadh ina bheo é, ó chuaigh a bhean chéile idir é agus urchar a mharaithe. Ar an deichiú lá de Mhí Bhealtaine, chuaigh ceal i mbeirt chonstáblaí eile de chuid an RIC agus iad ag spaisteoireacht leo cois farraige i g[[Cluain Maine]] i g[[Contae Dhún na nGall|Co. Dhún na nGall]]. Tháinig corpán duine acu i dtír ar an lá arna mhárach.
 
I Mí Bhealtaine 1921, freisin, shealbhaigh na hÓglaigh [[Teach an Chustaim]] i mBaile Átha Cliath agus chuir siad an áit ar fad trí thine. Is é an cuspóir a bhí leis an ngníomh siombaileach seo ná a thaispeáint do na Gaill go gcaithfidís a ngreim a scaoileadh d'Éirinn sa deireadh. D'íoc na hÓglaigh an-deachú, áfach, nó maraíodh cúigear acu, agus chimigh na Sasanaigh breis is ceithre scór d'fhir de chuid an IRA. Is é an rud a thaispeáin siad, dháiríre, ná nach raibh na hÓglaigh ábalta na Sasanaigh a chur i sáinn gan dul i dtuilleamaí na treallchogaíochta. Bhí na gunnaí gann agus an lón cogaidh féin ag rith orthu, agus mar a dúirt [[Risteard Ó Maolchatha]], dá fheabhas a bhí na hÓglaigh ag cur cogadh eadarnaíoch, "ní raibh siad in ann na Gaill a chaitheamh amach as aon áit ba mhó ná gnáthbhearaic de chuid na bpéas". Nuair a tháinig an Sos Cogaidh, bhí formhór na gceannairí, Mícheál Ó Coileán ach go háirithe, suite siúráilte nach raibh mórán teacht aniar fágtha san IRA, agus an cineál eagraíocht a bhí air. Mar sin, b'é an rún a bhí acu ná an cogadh a fhairsingiú go Sasana féin. Ar dtús, bhí siad meáite ar duganna [[Learphall|Learphaill]] a bhuamáil agus targaidí tábhachtacha eacnamaíochta eile a ionsaí. Bhí réamhshampla ann cheana, nó bhí naoi dteach stóir déag i Learphall curtha trí thine ag an IRA i Mí na Samhna den bhliain roimhe sin. Na tascfhórsaí a chuirfí go Sasana le hobair den chineál seo a dhéanamh, ba dócha leis na ceannairí nach gceapfadh na Sasanaigh iad, ós rud é nach raibh dlí an chogaidh curtha i bhfeidhm ar Shasana, ná muintir na tíre sásta glacadh lena leithéid, ach oiread. - Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh gá leis an gcineál seo feachtas sceimhlitheoireachta ag an am, nó tháinig an Sos Cogaidh sula raibh d'uain ag an gCoileánach agus na ceannairí eile na pleananna seo a chur i gcrích.
 
==Cogadh na Bolscaireachta==