An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Saoirse (Éire)"

Content deleted Content added
Líne 98:
B'é an dearcadh a bhí ag Rialtas na Breataine Móire ar na cúrsaí ná go raibh an cogadh le dul ar aghaidh go deo, agus tuilleadh daoine is airgid á chailleadh in aghaidh an lae. Thairis sin, agus b'é seo fíor-oighear an scéil, bhí an rialtas á lochtú go fíochmhar ag muintir Shasana féin, gan trácht ar bith a dhéanamh ar na tíortha iasachta, faoin treascairt a bhí á tabhairt d'Éirinn. Ón taobh eile de, ní raibh na hÓglaigh ábalta fód nua a dhéanamh ní ba mhó, dar leis an gCoileánach, go háirithe. Bhí siad in anás muinisin, agus nuair a tháinig fíor-shaighdiúirí Sasanacha in áit fórsaí tacair ar nós na nDúchrónach agus na bPóilíní Cúnta, thosaigh an cogadh ag cúngú ar na hÓglaigh dháiríre.
 
Ní thiocfadh an briseadh mór chomh sciobtha sin, ach go bé go raibh an [[Seoirse V na Ríochta Aontaithe|Rí Seoirse a Cúig]], an ginearál [[Jan Smuts]] ón [[An Afraic Theas|Afraic Theas]] agus an Príomh-Aire David Lloyd George ag cur le chéile leis na comhchainteanna a chur ag obair in athuair. Bhí a fhios ag madraí an bhaile go raibh an Rí as cuimse míshásta leis an ródach a bhí na Dúchrónaigh a dhéanamh ar na hÉireannaigh. Nuair a hiarradh air óráid a thabhairt ag tionól bunaithe [[Pairlimint Thuaisceart Éireann|Phairlimint Thuaisceart Éireann]] ar an [[Stormont]], mhol Jan Smuts dó leas a bhaint as an ócáid lena thuairimí i leith chogadh na hÉireann a chur in iúl go poiblí, i gcruth is go gcaithfeadh na polaiteoirí comhréiteach agus síocháin a lorg. Thaitin an smaoineamh leis an Rí, agus d'iarr sé ar an nginearál a chuid tuairimí a bhreacadh síos, le go bhféadfadh an Rialtas spléachadh a fháil orthu. Dhréachtaigh Smuts sórt meamram, agus chuir an Rí cóip den chaipéischáipéis seo chuig an bPríomh-Aire. Ansin, nuair a tháinig an Caibinéad le chéile leis an meamram a phlé le chéile, fáiltíodh Smuts isteach, agus ó bhí an Rí, an Ginearál agus Lloyd George féin ar aon bharúil nár mhiste triail a bhaint as, ní raibh neart ag na hairí rialtais eile air. Mar sin, thug an Rí an óráid uaidh mar a bhí socraithe, agus é ag éileamh athmhuintearais in Éirinn.
 
Chuaigh an óráid go mór mór i bhfeidhm ar na daoine ar an dá thaobh, agus thapaigh Lloyd George an deis. I Mí Iúil den bhliain 1921, phoibligh sé achainí d'[[Éamon de Valera]] comhchainteanna síochána a atosú. Ní raibh a fhios ag na hÉireannaigh nach raibh formhór na n-airí rialtais ag tacú leis an mbeart ach ar éigean. Thoiligh siad leis an tairiscint, agus shocraigh de Valera agus Lloyd George sos cogaidh a chur ar bun a chuideodh leo teacht ar chomhghéilleadh sa deireadh.