An difríocht idir athruithe ar: "An Araibis"
Content deleted Content added
→An Débhéascna: níl an débhéascna i bhfeidhm ar an chuid is mó de dhoman na haraibis, ach ar an domhan sin trí chéile |
|||
Líne 77:
=== An [[Débhéascna]] ===
Caithfidh muid cuimhne a choinneáil air nár rugadh an duine go fóill a chleachtfadh caighdeán clasaiceach na hAraibise ina ghnáthchaint. Is é sin, tá an staid ar a dtugtar ''débhéascna'' i bhfeidhm
Bhí dímheas ag na hArabaigh riamh ar an té nach gcloífeadh leis an gcaighdeán ina chuid scríbhinní, ó tháinig an caighdeán anuas ó Dhia féin leis an gCóran Beannaithe. Ina dhiaidh sin féin, tá teacht ar go leor litríochta nach bhfuil ag cloí leis an gcaighdeán. "Meán-Araibis" a thugann na saineolaithe ar an gcineál teanga atá ann. Is é is Meán-Araibis ann ná Araibis atá truaillithe ag an gcanúint labhartha, nó Araibis atá curtha ó mhaith ag an bhforcheartú. Is é an rud atá i gceist le forcheartú ná iarrachtaí ródhíocasacha an scríbhneora neamhchleachtaigh foirmeacha na gnáthchainte a sheachaint, ionas go mbreacann sé síos foirmeacha bacacha nach bhfuil le fáil sa chanúint ná sa teanga chaighdeánta.
|