An difríocht idir athruithe ar: "An Araibis"

Content deleted Content added
→‎An Débhéascna: níl an débhéascna i bhfeidhm ar an chuid is mó de dhoman na haraibis, ach ar an domhan sin trí chéile
Líne 91:
=== Canúnachas i litríocht na hAraibise inniu ===
 
Maidir le príomhshruth an tsaoil Araibise, is dual do gach scríbhneoir i gcónaí canúnachas a sheachaint i scríbhinní. Tá glacadh le hamharclannaíocht sa ghnáthchaint ceart go leor, gan aon trácht a dhéanamh ar na sraithscéalta teilifíse. An chuid is mó den litríocht, áfach, tá sí glan ar an gcanúnachas inniu féin. Bíonn na scríbhneoirí ag cur an mhíle strus orthu féin ag foghlaim rialacha an chaighdeáin le bheith in ann aithris a dhéanamh ar na seanmháistrí. Ar ndóigh, cuireann an tIoslam an-bhéim ar chomh tábhachtach is atá sé teanga an leabhair bheannaithe a choinneáil beo, mar chuid den urraim atá dlíte do Dhia ón Muslamach chráifeach. Thairis sin, tá lucht an náisiúnachais shaolta sách naimhdeach i dtaobh an chanúnachais chomh maith, nó is é a mbarúil-san go gcaithfidh na hArabaigh uile cur le chéile agus comhar a dhéanamh i ndiúnas ar fhorlámhas an Iarthair. Mar sin féin, tá litríocht scríofa i gcanúintí na Liobáine, rud a bhaineann leis an chlaonadh úd nach nglacann leis gur tír Arabach í an Liobáin féin, agus bhí gluaiseacht filíochta canúnaí ann le linn thréimhse Nasir san Éigipt, mar a raibh roinnt filí ag iarraidh litríocht de chuid na ngnáthdhaoine a chothú mar chuid de thionscnamh an tSóisialachais Araibigh. Sa lá atá inniu ann, uaireanta úsáidtear an chanúint le ráitis phearsaí na n-urscéalta a chur in iúl fosta, ar maithe leis an réadúlachas.
 
== Canúintí na hAraibise ==