An difríocht idir athruithe ar: "An Araibis"

Content deleted Content added
Líne 95:
== Canúintí na hAraibise ==
 
Roinntear canúintí na hAraibise ina gcúig phríomhghrúpa: canúintí na Leathinise Arabaí; canúintí na Measapotaime (na h[[An Iaráic|Iaráice]]); canúintí na Siria stairiúla, .i. an chuid is mó den tSiria, den Liobáin, den Iordán agus de Phalaistín an lae inniu; canúintí na h[[An Éigipt|Éigipte]]; agus na canúintí a labhraítear i dtíortha Thuaisceart na hAifrice siar ón Éigipt - ''al-Maghreb'' a bheir lucht na hAraibise ar na tíortha seo. Bíonn difríochtaí sóisialta agus áitiúla le cluineadh laistigh de na canúintí réigiúnacha, agus go hiondúil bíonn stadas sóisialta níos airde ag baint le canúintí na gcathrach ná mar a bhíonn le canúintí na tuaithe. Thar aon rud eile, bíonn canúintí na m[[Beidiúnach]] (fánaithe na bhfásach) sách difriúil leis an gcineál Araibise a chluinfeá ó mhuintir na gcathrach sna bólaí céanna (na canúintí cónaitheacha nó na ''sedentary dialects'' mar a deir an Béarlóir). Go háirithe, bíonn na canúintí Beidiúnacha níos seanársa, agus iad ag caomhnú tréithre a chuaigh in éag i gcaint na gcathrach. Tá teacht ar chathracha i ndomhan na hAraibise fosta ina bhfuil canúint Bheidiúnach á labhairt, ach bíonn míniú stairiúil ann ar a leithéid seo. Am éigin fadó tháinig sluaite móra ón tuath - nó ón bhfásach - timpeall na háite le cur fúthu ansin, i gcruth is go bhfuair a gcuid cainte lámh in uachtar ar Araibis thraidisiúnta an bhaile mhóir. Cleachtaíonn na Beidiúnaigh filíocht bhéil na sean-Arabach i gcónaí, rud a chuidigh leo an blas ársa a choinneáil beo ar a dteanga.
 
=== An Mháltais agus Araibis na Cipre ===