An difríocht idir athruithe ar: "Cathal Ó Sándair"

Content deleted Content added
m Weston-super-mare --> Weston-super-Mare
No edit summary
Líne 1:
Scríbhneoir [[Gaeilge]] ab ea é '''Cathal Ó Sándair''' ([[15 Iúil]], [[1922]] - [[18 Feabhra]] [[1996]]). Áirítear gur scríobh sé timpeall 160 leabhar, eachtraí gearra don óige a bhformhór. Rugadh é i [[Weston-super-Mare]], [[Sasana]], mac le [[dornálaíocht|dornálaí]] darbh ainm Simon "Darkey" Saunders, agus le Florence Elliot as [[Baile Átha Cliath]]. Bhí triúr deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Cathal. Ba duine acu an dornálaí clúiteach Jack a bhuaigh craobh na hÉireann i meáchain éagsúla sna blianta [[1937]] agus [[1938]]. D'aistrigh an teaghlach go hÉirinnh[[Éire|Éirinn]] agus chuaigh Simon Saunders isteach in arm an t[[Saorstát Éireann|Saorstáit]]. Chaith sé seal mar thiománaí ag an Aire [[Caoimhín Ó hUiginn]].
 
[[Íomhá:Dúnmharbhú.jpg|deas|mion|150px|''Eachtraí Réics Carló'', Uimh. a Ceathair: ''Dúnmharbhú i bPáirc an Chrócaigh'' ([[1944]])]]Fuair Cathal a chuid meánoideachais i Sráid Synge leis na [[Bráithre Críostaí]]. Fiú agus é sa bhunscoil bhí spéis ag Cathal sa [[Gaeilge|Ghaeilge]] agus cuireadh chun na [[Gaeltacht|Gaeltachta]] é agus é deich mbliana d'aois. Scríobh sé gearrscéal Gaeilge a foilsíodh in iris óige na mBráithre, ''Our Boys'', ag aois a sé bliana déag. Chuaigh sé isteach san [[An tAerchór|Aerchór]] tar éis dó an scoil a fhágáil agus chaith sé na blianta ina dhiaidh sin ag obair mar [[státseirbhís|státseirbhíseach]]. Bhí sé ag scríobh don pháipéar nuachta ''[[Inniu]]'' agus gníomhach i n[[Glúin na Buaidhe]].
 
Foilsíodh a chéad leabhar do pháistí, ''Tríocha Píosa Airgid'', sa bhliain [[1942]], agus thosaigh sé ar shraith de scéalta bleachtaireachta le ''Na Mairbh a d'Fhill'' an bhliain a bhí chugainn. Tuairim is céad leabhar a scríobh sé faoin mbleachtaire [[Réics Carló]] agus bhí díol an-mhór orthu ar feadh breis agus fiche bliain. Bhí sraitheanna eile ag freisin, faoi shirriam in [[An tIarthar Fiáin|Iarthar Fhián Mheiriceá]], Réamonn Óg, an spástaistealaí an Captaen Spéirling agus laochra eile. D'éirigh sé as a phost sa bhliain [[1953]] agus chuaigh leis an scríbhneoireacht go lánaimseartha, an t-aon scríbhneoir Gaeilge dáiríre ar éirigh leis é sin a dhéanamh. Ach tar éis deich mbliana den sclábhaíocht a bhain leis sin chuaigh sé ar ais sa státseirbhis ina oifigeach custaim.
 
Bhí sé pósta le Máire McGeown as [[Ard Mhacha]] agus bhí ceathrar clainne acu.
Líne 9:
[[Rang:Scríbhneoirí Éireannacha|Ó Sándair, Cathal]]
[[Rang:Daoine a rugadh i 1922|Ó Sándair, Cathal]]
[[Rang:Básanna i 1996]]
[[en:Cathal Ó Sándair]]