An difríocht idir athruithe ar: "An Mhalagáisis"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: da:Malagassisk
mNo edit summary
Líne 3:
Tá an teanga ó dhúchas ag fiche milliún duine, a bheag nó a mhór, nó formhór mór mhuintir Mhadagascar.
 
Fuair an Mhalagáisis a lán focal ar iasacht ón [[Araibis]], ón bh[[Fraincis]] agus ó na teangacha Afracacha, ach ní bhaineann siad den dúchas Pholainéiseach atá so-aitheanta ar an teanga i gcónaí. Nuair a tháinig na Francaigh go Madagascar, fuair siad rompu leagan den [[aibítir Arabach]] in úsáid ag na Malagásaigh, ach inniu, is í an aibítir Laidineach is mó a úsáidtear leis an teanga a scríobh. Ba é aistriúchán an Bhíobla an chéad leabhar a foilsíodh sa litriú seo, agus ba iad na misinéirí Sasanacha a d'aistrigh agus a chuir i gcló é, thiar sa bhliain 1835. Is léir, áfach, go raibh béal-litríocht, scéalaíocht, agus seanchas dá gcuid féin ag na Malagásaigh roimhe sin féin, go háirithe an laoi faoin laoch úd ''Ibonia'', a cuireadh i gcló ina lán díolamaí litríochta ón Afraic.
 
Scríobhtar an Mhalagáisis mar a fhuaimnítear í, cé go bhfuil sé de chlaonadh sna canúintí na siollaí nach bhfuil faoi bhéim a fhuaimniú go lag nó a ligean ar lár go hiomlán. Is mar [u] a fhuaimnítear an litir o, agus is mar oa nó mar ô a litrítear an fhuaim [o]. Fuaimnítear r aislúbtha (fuaim idir eatarthu idir s agus r) sna comhcheangail tr agus dr, agus is mar [dz] a fhuaimnítear an litir j.