An difríocht idir athruithe ar: "An Asarbaiseáinis"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: pnb:آذری بولی
mNo edit summary
Líne 18:
Nuair a tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach, chinn na hAsarbaiseánaigh ar an aibítir Laidineach a chur in úsáid ina dteanga arís. An leagan a úsáideann siad, tá sé an-chosúil le haibítir na Tuircise, nó seasann an litir Ç do "ch" an Bhéarla, agus an C do "j" an Bhéarla. Thairis sin, déantar idirdhealú idir I gan phonc agus İ le ponc. Fuaimnítear an chéad cheann acu cosúil le "ao" na Gaeilge, agus is gnáth-"í" an ceann eile. Is é an litir Ə an ceann is aistí sa teanga, agus í ag seasamh don fhuaim a chuirtear in iúl le [æ] in aibítir idirnáisiúnta na bhfuaimeanna, is é sin, an t-"a" tosaigh. Mar sin, ní hionann Ə na hAsarbaiseáinise agus [ə] na dteangeolaithe, a sheasann don "ghuta chúnta" dhoiléir.
 
San [[An Iaráin|Iaráin]], ní dhéantar mórán saothrú liteartha ar chanúint áitiúil na hAsarbaiseáinise, ach má scríobhtar í, is é an leagan Peirseach den [[aibítir Arabach]] a chuirfear i bhfeidhm uirthi, ar ndóigh. Teanga labhartha atá ann go bunúsach, áfach, agus is í an [[Peirsis|Pheirsis]] an teanga scríofa is fearr le haos léinn an chúige, fiú más í an Asarbaiseáinis atá ó dhúchas acu.
 
Tá an Asarbaiseáinis ag seacht milliún duine san Asarbaiseáin féin. Is deacair a rá, cé mhéad a labhraíonn í san Iaráin, ach is gnách glacadh leis go bhfuil sí ag tríocha milliún duine ar fad sa dá thír. Níl sé furasta a rá cé acu canúint Asarbaiseáinise nó teanga ar leith í canúint na treibhe fáin ''Qashqa'í'' san Iaráin, mar shampla.