An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Iaránacha"

Content deleted Content added
Líne 35:
=== An Foghrúpa Iartharach ===
 
Is léir gurb í an Pheirsis an teanga is tábhachtaí sa ghrúpa seo. Ceann de na teangacha Iaránacha Iar-Dheisceartacha is ea í. Tá go leor canúintí á labhairt san Iaráin féin agus sna tíortha in aice léi, agus difríochtaí suntasacha eatarthu. Coinníonn an teanga scríofa cuid mhór de na difríochtaí faoi cheilt, áfach, ós rud é nach gnách ach na gutaí fada a scríobh amach san [[aibítir Arabach]]. Mar sin, is féidir le cainteoirí na gcánúintí éagsúla a léamh féin a bhaint as na scríbhinní, beag beann ar chanúint an scríbhneora.
 
Tugtar ''Farsi'' ar an bPeirsis san Iaráin féin, ach is fearr leis na hAfganastánaigh an seanainm úd ''Dari'' i gcónaí. Tá a gcanúint féin ag na Hazaraigh san Afganastáin agus sa Phacastáin (i dtimpeallacht Quetta) - sliocht sleachta do na hionsaitheoirí Mongólacha iad siúd a ghlac leis an bPeirsis fadó mar theanga dhúchais, ach fanann cuid mhaith focail iasachta ón Mongóilis ina gcanúint i gcónaí. Mar sin féin, tá siad ábalta úsáid a bhaint as an bPeirsis chaighdeánach le haghaidh scríbhneoireachta.