An difríocht idir athruithe ar: "Tianjin"
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: ace, af, ar, bg, bo, br, ca, cs, cv, cy, da, de, eo, es, et, eu, fa, fi, fr, gan, gl, gv, hak, he, hi, hr, hu, id, it, ja, ka, ko, kw, lt, lv, ml, mr, ms, my, nl, no, pa, pl, pnb, pt, ro, ru, sah, scn, sh, simple, sk, sr, sv, th, t |
No edit summary |
||
Líne 1:
Is cathair agus bardasacht neamhspleách ar mhachaire oirthuaisceart na [[an tSin|Síne]] í '''Tianjin''' (Sínis: 天津 ; hanyu pinyin: Tiānjīn ; litriú traidisiunta an chórais phoist: Tientsin). Tá Tianjin ar cheann de na ceithre chathair sa tír atá faoi smacht díreach an rialtais náisiúnta agus nach cuid de chúigí iad
Tá cathair Tianjin suite ar bhruacha na [[Hai He]], abhainn atá ceangailte le dhá abhainn mhóra na Síne, an [[Yangzi]] agus an [[Huang He]], tríd an [[Canáil Ríoga| Chanáil Ríoga]]. Tá calafort Tianjin ar an mBohai, ar chuid den [[Muir Bhuí|Mhuir Bhuí]] agus den [[Aigéan Ciúin]] é, achar áirithe ón gcathair féin. Bhíodh lámhaltas trádála ag roinnt tíortha eachtrannacha in Tianjin le linn an [[ríshliocht Qing|ríshleachta Qing]] dhéanaigh agus faoi réimeas luath an [[Kuomindang]] sa 20ú aois.
==Stair==
Thosaigh Tianjin ag forbairt mar ionad trádala mar thoradh ar oscailt na Canála Ríoga faoin [[Ríshliocht Sui]]. Zhigu, nó “Port Díreach”, an t-ainm a bhí ar an áit go dtí an bhliain [[1404]], nuair a chuir an t-impire [[Yongle]] an t-ainm Tianjin, nó “Ath Neimhe”, ar an áit. Tharla an t-impire ag cur cogaidh ar an nia agus iad i ngleic ar an gcoróin nuair a chuaigh an t-impire (“mac neimhe”) trasna na habhann ag ath ansin. Ní ba dhéanaí, tógadh dún ansin ar tugadh Tianjin Wei air, is é sin, Dúnfort Tianjin. Rinneadh maoracht (“prefecture” i scríbhinní Béarla faoin tSín) de Tianjin sa bhliain 1725, agus cuireadh Contae Tianjin ar bun laistigh de sa bhliain 1731.
Bhí [[Dara Cogadh an Óipiam]] faoi lánseol sa bhliain 1856 nuair a chuaigh saighdiúirí Síneacha ar bord ''The Arrow'', long Síneach a bhí cláraithe i [[Hong Cong]] agus a raibh bratach na Breataine ar foluain aici. Ceapadh go raibh an long páirteach i smuigleáil, i bpíoráideacht, agus i dtrádáil an chodlaidín, nó óipiam. Gabhadh 12 fear ar an long agus cuireadh faoi ghlas iad. Mar fhreagra, i mBealtaine na bliana 1858, chuir na Breatnaigh agus na Francaigh báid ghunnaí faoi cheannas an Aimiréil Sir Michael Seymour le daingnithe Taku, lámh le Tianjin, a ghabháil. An mhí ina dhiaidh sin, síníodh Conarthaí Tianjin, a d’oscail Tianjin don trádáil eachtrannach.
[[ace:Tianjin]]
|