An difríocht idir athruithe ar: "Tianjin"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
Is cathair agus bardasacht neamhspleách ar mhachaire oirthuaisceart na [[an tSintSín|Síne]] í '''Tianjin''' (Sínis: 天津 ; hanyu pinyin: Tiānjīn ; litriú traidisiunta an chórais phoist: Tientsin). Tá Tianjin ar cheann de na ceithre chathair sa tír atá faoi smacht díreach an rialtais náisiúnta agus nach cuid de chúigí iad (amhail roinnt chathracha na hÉireann, ach go bhfuil ceantracha tuaithe sách fairsinge sna bardasachtaí neamhspleácha sa tSín). Tá Bardasacht Tianjin ag críochántacht le Bardasacht [[Béising]] ar an taobh thiar-thuaidh, le Murascaill Bohai ar an taobh thoir, agus le Cúige [[Hebei]] ar gach taobh eile. Is í Tianjin an séú cathair is mó sa tír úd agus an cúigiú ceantar uirbeach is mó d’achar ann, i ndiaidh Béising, [[Shanghai]], [[Guangzhou]], agus [[Shenzhen]]. Tá an chathair Tianjin suite timpeall is 92 míle slí (150 km) ó dheas soir ó Bhéising. Tá calafort tábhachtach ag Tianjin ar an mBohai. Tá isteach is amach le deich milliún duine ar fad ina gcónai in Tianjin.
 
Tá cathair Tianjin suite ar bhruacha na [[Hai He]], abhainn atá ceangailte le dhá abhainn mhóra na Síne, an [[Yangzi]] agus an [[Huang He]], tríd an [[Canáil Ríoga| Chanáil Ríoga]]. Tá calafort Tianjin ar an mBohai, ar chuid den [[Muir Bhuí|Mhuir Bhuí]] agus den [[Aigéan Ciúin]] é, achar áirithe ón gcathair féin. Bhíodh lámhaltas trádála ag roinnt tíortha eachtrannacha in Tianjin le linn an [[ríshliocht Qing|ríshleachta Qing]] dhéanaigh agus faoi réimeas luath an [[Kuomindang]] sa 20ú aois.