An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Cathartha na hÉireann"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: da:Den irske borgerkrig
Líne 101:
Níorbh é seo an t-aon eachtra amháin dá chineál féin é, nó pléascadh cúigear cimí Poblachtánacha in aice le [[Cill Áirne]] agus ceathrar eile i g[[Cathair Shaidhbhín]]. B'é [[Pádraig Ó Dálaigh]], ceannfort Ghardaí Átha Cliath, a bhí freagrach as na huafáis seo, ach is é an insint a chuir sé féin ar an scéal ná gur maraíodh na cimí nuair a bhí siad ag baint an dochair de phléascáin talún de chuid na bPoblachtánach. Thacaigh an Ginearál Ó Maolchatha leis an ráiteas seo, agus bhí sé oifigiúil go ceann i bhfad, go dtí gur tháinig an fhírinne chun solais.
 
Tháinig an tsíocháin i Mí na Bealtaine sa bhliain 1923, ach níor chuir sé deireadh leis an dúnmharfóireacht seo. Mar shampla, d'fhuadaigh na Saorstátairí [[Nollaig Lemass]], deartháir [[Seán Lemass|Sheáin]], i Mí Iúil 1923, agus dhumpáil siad a chorpán marbh i sléibhte [[CillContae Chill Mhantáin|Chill Mhantáin]], i gcóngar do [[Gleann Cria|Ghleann Cria]], áit ar thángthas air i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain chéanna.
 
Cruálach is uile mar a bhí an feachtas dúnmharfóireachta seo, ní féidir a rá nach gcuideodh sé leis na Saorstátairí an lámh in uachtar a fháil ar iarsmaí na bhfrith-Chonraitheoirí. Ní raibh na Poblachtánaigh ábalta cath éifeachtúil a chur ar na Státairí, ós rud é nach raibh an daonra sibhialta fonnmhar dídean a thabhairt dóibh anois, mar a bhí le linn [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Chogadh na Saoirse]]. Ní raibh an [[Eaglais Chaitliceach]] sásta tacú leo ach an oiread, nó d'eisigh easpaig na hÉireann comhráiteas inar fhógair siad go raibh na frith-Chonraitheoirí eascoiteannaithe ón g[[Comaoineach Naofa]] agus ón bh[[Faoistin]]. De cheal tacaíochta, chuaigh feachtas na bhfrith-Chonraitheoirí in éag. Ghéill Liam Ó Déasaigh é féin d'fhórsaí an tSaorstáit i Mí Feabhra 1923, agus é ag áitiú ar na Poblachtánaigh eile a shampla féin a leanúint.