An difríocht idir athruithe ar: "An Rómáinis"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: tl:Wikang Rumano
m róbat ag suimiú: ps:رومانیایي ژبه; cosmetic changes
Líne 18:
Scéal eile ar fad go bhfuil dreamanna beaga scaipthe ar fud na mBalcán agus canúintí Rómáinise á labhairt acu atá chomh difriúil leis an teanga chaighdeánach is gur féidir a rá gur teangacha ar leith iad. Is í an Aromúinis, nó an Aromáinis, an ceann is tábhachtaí acu seo, agus í á labhairt sa [[An Ghréig|Ghréig]] agus sa [[An Mhacadóin|Mhacadóin]]. Tá sí chomh breac le hiasachtaí Gréigise is nach féidir leis an Rómánach mórán adhmaid a bhaint aisti. Ní hionann gramadach an dá theanga ach an oiread. Teanga bheo bhríomhar í an Aromúinis i gcónaí, cé nach bhfuil [[Teanga oifigiúil|stádas oifigiúil]] aici ach in aon chathair amháin sa Mhacadóin.
 
== Canúintí ==
 
Maidir leis an Rómáinis sa chiall chúng, is minic a thugtar Dáca-Rómáinis uirthi le hí a aithint thar an Aromúinis agus na canúintí beaga scaipthe eile. Tagairt é sin do phroibhinse sean-Rómhánach na Dáicia, proibhinse a bhí suite san áit a bhfuil an Rómáin inniu, a bheag nó a mhór. Teanga shaibhir chultúrtha í inniu, agus stádas oifigiúil aici sa Rómáin, sa Mholdóiv agus i gcúige na Vóvaidíne sa [[An tSeirbia|tSeirbia]].
Líne 24:
Is léir go bhfuil an Dáca-Rómáinis féin roinnte ina canúintí éagsúla, cé nach bhfuil difríochtaí móra eatarthu. ''Grai'', nó ''graiul'' leis an alt deimhneach, an focal Rómáinise ar chanúint. Is í an deighilt is tábhachtaí ná an scoilt idir canúintí an tuaiscirt agus canúintí an deiscirt. Is iad ''graiul oltenesc'' agus ''graiul muntenesc'' na canúintí deisceartacha, an chanúint ''oltenesc'' á labhairt san iardheisceart (Oltenia, timpeall ar chathair Craiova) agus an chanúint ''muntenesc'' sa chuid is mó de dheisceart na tíre (an chuid is mó den chósta, abair, agus an chuid den tír timpeall na príomhchathrach). Is í an chanúint ''oltenesc'' a labhraítear sa Vóvaidín. Maidir leis na canúintí tuaisceartacha, labhraítear an chanúint "bănăţean" san iarthar, agus is í an chanúint ''ardelenesc'' canúint na Trasalváine. Timpeall ar chathair Baia Mare, tá réigiún Maramureş, an réigiún is faide thuaidh sa tír, agus canúint dá gcuid féin, ''graiul maramureşean'', ag muintir an réigiúin. Maidir leis an gcanúint a labhraítear sa Mholdóiv, ''graiul moldovenesc'', le fírinne is canúint mhór láidir í in Oirthear na Rómáine féin, agus bhí an-tionchar aici ar fhorbairt na teanga caighdeánaí sa Rómáin - cúis eile é sin le chomh drogallach a bhíonn na teangeolaithe stádas na teanga a ghéilleadh don Mholdóivis.
 
== An Dáicis ==
 
Bhí Dáicis - teanga Ind-Eorpach nach bhfuilimid ró-eolach uirthi - á labhairt sa Dáicia sular bhunaigh na Rómhánaigh an proibhinse ansin. An Laidin labhartha as ar fáisceadh an Rómáinis, fuair sé cuid mhaith focal ar iasacht ó theanga na mbundúchasach, agus tá cúpla ceann acu fanta sa Rómáinis inniu féin, ar nós ''brânză'', cáis.
 
== An Tionchar Balcánach ==
 
Tá na teangacha Balcánacha go léir sách cosúil le chéile - is é an téarma a úsáideann na teangeolaithe go minic ná ''Sprachbund'', focal [[Gearmáinis]]e a chiallaíonn "comhghuaillíocht teangacha". Cé nach bhfuil dlúthghaol ach ag cuid de na teangacha seo le chéile, is féidir cosúlachtaí a aithint ar ghramadach na dteangacha seo go léir de thoradh an tionchair a bhí acu ar a chéile i rith na gcéadta bliain. "Balcánachas" den chineál seo atá i gceist le saintréithe áirithe gramadúla a aithnítear ar an Rómáinis freisin: cuirtear an t-alt deimhneach le deireadh an fhocail mar a bheadh iarmhír ann: ''codru'' "coill, foraois", ''codrul'' "an choill, an fhoraois"; níl infinideach ag na briathra (ach oiread le briathra na [[Gaeilge]], dála an scéil); agus cruthaítear an aimsir fháistineach trí úsáid a bhaint as leagan ídithe an bhriathair a chiallaíonn, go stairiúil, "is mian liom, teastaíonn uaim": ''voi face'' "déanfaidh mé" (is é ''face'' foirm an tríú pearsa san aimsir láithreach: ''déanann''; agus tá ''voi'' bunaithe ar ''volo'' na Laidine).
 
== Tionchar na dTeangacha Eile ==
 
Tháinig cuid mhaith focal iasachta ó na teangacha Slavacha. Glactar leis gur tháinig focal as gach ceathrar sa Rómáinis ón tSlaivis. D'imir [[an Ghréigis]], [[Ungáiris|an Ungáiris]], an Ghearmáinis agus [[an Tuircis]] a dtionchar ar stór focal na teanga freisin.
Líne 122:
[[pl:Język rumuński]]
[[pnb:رومانی]]
[[ps:رومانیایي ژبه]]
[[pt:Língua romena]]
[[qu:Rumanya simi]]