An difríocht idir athruithe ar: "CLG Clochán (Luimneach)"

→‎Stair: breis eolas
(→‎Stair: breis eolas)
Tar éis dóibh an chorn a bhuachaint arís sa bhliain 1926, tháinig meath éigin orthu nuair ba iad Éire Óg club mór na hiomána sa chathair agus Átháin sa chontae. Chomh maith le sin, bhí clubanna nua gairmiúile ar nós Garda agus Tuamhan (a bhí bunaithe sna [[Fórsaí Cosanta na hÉireann|Fórsaí Cosanta]] agus a athainmníodh ''An 12ú Cathalán'' i ndiaidh [[An Dara Cogadh Domhanda]]) ag mealladh imreoirí a bhí ag teacht chun na cathrach ó chontaethe eile.
 
Ach tháinig Clochán ar ais i ndiaidh dóibh sárú ar [[CLG Naomh Pádraig (Luimneach)|Naomh Pádraig]] sa bhliain 1957 chun [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Iomána Sinsear an Chontae]] a ghabháil don chúigiú uair agus bhuadar arís é sna blianta 1958, 1968, 1971 agus 1986. D'fhanadar i measc cumhachtaí móra na hiomána suas go dti blianta na 1990í ach ba bhuille mór é dóibh nuair a thiteadar síos go dti an grád idirmheánach sa bhliain 2001. D'éirigh leo an príomh-ghrád a bhaint amach arís sa bhliain 2007 nuair a bhuadar Craobh Iomána Idirmheánach an chontae na bliana sin ach thiteadar síos arís sa bhliain 2010.
 
Ní raibh cáil mór ar fhóirne peile Clocháin suas go dti an bhliain 1955 nuair a bhuadar ar Sháirséalaigh an Chonartha i gcluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|craobh sinsear an chontae]]. D'éirigh leo arís i gcomórtaisí na mblianta 1959, 1967, 1969, 1970 agus 1971. Tháinig ré órga eile chucu nuair a bhuadar an craobh faoi sheacht idir na blianta 1982 agus 1996. Ach mar an gcéanna lena niománaithe, tá na peileadóirí tar éis dul i léig chomh maith agus níor éirigh le Clochán cluiche leath-cheannais craobh sinsear an chontae a shroichint ón mbliain 1996. Sa bhliain 2010, thit peileadóirí an chluib síos go dti an grád idirmheánach i dteannta leis na hiománaithe.
 
Tá Clochán sa dara áit i measc buaiteoirí [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] tar éis an chorn a ghabháil ar cheithre uair déag agus sa tríú áit san [[Craobh Iomána Sinsear Contae Luimnigh|iomáint]] tar éis bua d’fháil faoi dheich. Bhuadar an dá chorn sna blianta 1971 agus 1986, rud nár éirigh le aon chlub eile sa chontae a dhéanamh riamh.
2,648

edits