An difríocht idir athruithe ar: "Québec"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: hu:Québec
Janik (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 6:
I reachtaíocht a chuireadh i bhfeidhm siar sna 70aidí ba í an Fhraincis an t-aon teanga ar féidir úsáid i gcúrsaí gnó ó thaobh ainmniúchán de. Mar shampla athraíonn comhlachtaí móra a n-ainmneacha agus iad loinnithe i Québec de réir an dlí, m.sh. tugtar ''Shoppers Drug Mart'' ar shiopa áirithe i d[[Toronto]], ach cuirtear ''Pharmaprix'' ar bhrainse den tsiopa cearna i [[Montréal]], agus i g[[Cathair Québec]] labhraítear ar ''Bureau en Gros'' in áit ''Staples'' i [[Vancouver]].
 
Bhí dhá reifreann i Québec fá dtaobh de scoilteadh ón chuid eile de Cheanada. Tharla an chéad cheann i 1980 agus an darna ceann i 1995. Ba mhór an tacaíocht a fuair siad ón [[Parti QuébecoisQuébécois]] (na náisiúnaithe Québecois agus an páirtí polaitíochta is mó sa chúige) os rud é gurbh iadsan a chuir toiseacht leis an fheachtas. Theip orthu. Diúltaíodh an 1d cheann le 59.56% (in aghaidh neamhspleáchais) agus 40.44% (ar a shon). Léiríodh níos mó tacaíochta don reachtaíocht an dara babhta ámh, nuair a diúltaíodh í le 50.58% (ina aghaidh) agus 49.42% (ar a shon).
 
Thug iar-laoch míleatach i rith an [[Dara Cogadh Domhanda]] agus Uachtarán na Fraince, [[Charles de Gaulle]], cuairt ar Québec ar an 24ú Iúil 19641967. Chruthaigh sé atmaisféar deacra do chaidrimh polaitíochta idir an Fhrainc agus Ceanada nuair a scairt sé i láthair slua ollmhór ar an taobh amuigh de Halla na Cathrach i gCathair Québec "Québec go brách! Québec saor go brách!" <ref>''"Vive le Québec! Vive le Québec libre!"'' a dúirt Charles de Gaulle, Uachtarán na Fraince</ref>. Ina dhiaidh sin, chuir sé leo, á rá "Ceanada Francach go brách! Agus an Fhrainc go brách!" <ref>''"Vive le Canada français! Et vive la France!"'' a dúirt Charles de Gaulle, Uachtarán na Fraince</ref>. Cé gur léir [http://ie.youtube.com/watch?v=OHzMTSK1V4o ón scannán seo] gur thacaigh an chuid is mó den tslua a bhí bailithe len é a fheiceáil leis an mhéid a bhí le rá aige, léirigh an rialtas in Ottawa a mhíshuaimhneas, á rá "Ní gá do Cheanadaigh a bheith saortha. Muise, chaill na mílte Ceanadach a mbeatha ar son shaoirse na Fraince agus tíortha Eorpacha eile" <ref>"Canadians do not need to be liberated. Indeed, many thousands of Canadians gave their lives in two world wars in the liberation of France and other European countries." a dúirt Príomh-Aire Cheanada [[Lester Bowles Pearson|Lester Bowles "Mike" Pearson]]</ref> Cheap na náisiúnaithe go raibh de Gaulle ag tacú leofa, agus d'ardaigh a gcuid den vótáil san olltoghchán ina dhiaidh.
 
== Tagairtí ==